Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Ms Lís Ní Dhálaigh:

Maidir leis an earnáil neamhspleách agus an €20 milliún atá caite againn leis an earnáil sin, bíonn babhtaí coimisiúnaithe againn ina bhfógraítear an cineál ábhair atáimid ag cuardach. Cuireann comhlachtaí neamhspleácha isteach orthu siúd. Roghnaítear comhlachtaí neamhspleácha ansin. Bhí babhta coimisiúnaithe againn le deireanas agus tá deich gcomhlacht ceaptha le hábhar a sholáthar dúinn thar an chéad €4 milliún eile atá romhainn amach. Tá siad lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Maraon leis sin bíonn babhtaí coimisiúnaithe le haghaidh ábhar spóirt ag dul amach go tender chomh maith. Tá comhlacht i bPort Láirge i mbun na hoibre sin faoi láthair. Bíonn babhtaí coimisiúnaithe ó thaobh an sobaldrama, "Ros na Rún", againn chomh maith. Cuirtear é sin amach go tairiscint gach aon cúpla bliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.