Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tiocfaidh mé ar ais. Tá ceisteanna eile ann. Tosóidh mé leis an Teachta Ó Cuív ach luaigh na finnéithe méadú ar an lucht féachana i 2016. I dtuairim na finnéithe, cad ba chúis leis sin? Cad atá déanta acu atá difriúil ó na blianta eile? Sin rud amháin.

Maidir leis an ráiteas tosaigh, atá léite agam, tá sé ráite ann gur "Infheistíonn TG4 os cionn €20m sa mbliain i gcláir nua Gaeilge ón earnáil neamhspleách léiriúcháin". Ba mhaith liom tuilleadh eolais faoi sin. An gcuirfidh na finnéithe an figiúr sin i gcomhthéacs? Ní féidir an figiúr sin a thuiscint gan é a bheith i gcomhthéacs maidir leis an bhuiséad iomlán. An bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta san earnáil sin? Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Maidir leis an mbord, ar a bhfuil Siún Ní Raghallaigh mar chathaoirleach, an bhfuil bord iomlán ann? An bhfuil aon fholúntas? An bhfuil spás ansin don earnáil neamhspleách léiriúcháin? An bhfuil ionadaithe ón earnáil sin ann?

Maidir le RTE agus TG4, is iontach an rud go bhfuil na finnéithe os ár gcomhair agus gur tháinig RTE os ár gcomhair freisin. Fuaireamar ráiteas mór ó Rónán Mac Con Iomaire. Dúirt sé go raibh RTE ag féachaint ar thógáil tuilleadh ar a chur chuige i leith na Gaeilge agus go raibh RTE "i mbun comhráite le TG4 maidir le cur chuige nua, suntasach agus dearfach". An dtabharfaidh na finnéithe soiléiriú níos mó ar sin, go háirithe maidir leis an dualgas atá ar RTE uair a chloig i rith an lae a sholáthar? An féidir leo briseadh síos a thabhairt ar an uair a chloig sin? Cén sórt cláir atá ann? An bhfuil nuacht san áireamh san uair a chloig? Taobh amuigh den nuacht, cad atá i gceist?

Is rud maith é go bhfuil RTE ag féachaint ar bhealaí "go mbeimid in RTE in ann tabhairt faoinár ndualgais uair an chloig in aghaidh an lae a sholáthar ... ar bhealach a bheidh níos tairbhí do TG4". An féidir leis na finnéithe soiléiriú a thabhairt ar sin? Nach bhfuil sé tairbheach faoi láthair? Cad atá ag tarlú maidir leis sin? Luaigh Mr. Esslemeont restoration de €6 milliún ach ansin luaigh sé dhá bhliain, €4 milliún, €2 milliún agus mar sin de. An féidir leis é sin a shoiléiriú freisin? An bhfuil tréimhse ama níos faide i gceist?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.