Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Niall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá sé seo tábhachtach mar go bhfuil tábhacht na seirbhíse craoltóireachta luaite sa Chomhaontú. Léiríonn sé an codarsnacht ollmhór atá i gceist. Níl a fhios agam cé a bheidh freagrach as an gceist seo. Caithfidh duine i mBéal Feirste an IP address a athrú le breathnú ar TG4. Tuigim go bhfuil an t-ábhar seo thar a bheith ciotach. Ar an dóigh chéanna, cuireann Sky bac ar sheirbhísí RTE sna Sé Chontae. Tá sé seo thar a bheith ciotach mar ábhar. Sílim go raibh an méid a dúradh faoin spás brandála an-spéisiúil. D'fhéadfaimis dul i mbun stocaireachta leis an BBC fá dtaobh de. Bheinn breá sásta dul i dteagmháil leis an BBC ó Thuaidh maidir leis sin. Níor smaoinigh mé ar na hóstáin go dtí seo. Nuair a fhanaim in óstáin anseo i mBaile Átha Cliath, bíonn TG4 ar fáil iontu don chuid is mó. B'fhéidir go dtugann an aip slí isteach do dhaoine. An bhfuil an réiteach trí location services a úsáid fógartha ag TG4 trí Twitter, Facebook agus a leithéid?
No comments