Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

Is fear mór taighde mé. Tá painéal Fios Físe curtha ar bun idir TG4 agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Táimid an-sásta go bhfuil RTE tagtha i gcomhpháirtíocht linn faoi dheireadh. Beidh RTE in ann a rá don chéad uair cén tuairim atá ag an gcroí-lucht éisteachta i dtaobh Raidió na Gaeltachta. Go dtí seo, ní raibh acu ach national ratings. Tugann an painéal sin an-eolas dúinn ar na tuairimí atá ag daoine a labhrann Gaeilge gach lá nó gach seachtain. Ní hamháin go leagann siad amach cé mhéad a breathnaíonn siad ar TG4, ach bíonn deis acu freisin a gcuid tuairimí a thabhairt ar rudaí an-luachmhara. Táimid ag oibriú leis na TAM ratings chomh maith ionas go mbeidh a fhios againn go díreach conas mar atá ag éirí linn go náisiúnta. Feictear dom go bhfuil tuairimí an-láidir ag chuile dhuine sa seomra seo faoin teilifís. Tá sé sin an-tábhachtach, ach is é an seó an rud is tábhachtaí. Tá ard-mheas agam ar thaighde lucht féachana.

Rinne mé an cinneadh deireadh a chur leis an gclár "Seó Spóirt". Ar an mbealach céanna leis an méid a bhí le rá ag Pádhraic Ó Ciardha faoinár gcláracha ceoil traidisiúnta, táimid ag iarraidh bheith amuigh ar an láthair. B'fhearr liom bheith amuigh ar an láthair ná istigh ar an couch le fir den chuid is mó. Mar a dúirt mé go poiblí ag ócáid lá breithe TG4, tá mé ag iarraidh go mbeadh "Nuacht TG4" ag breathnú chomh maith le nuacht BBC, nuacht RTE agus nuacht TV3. Ní dóigh liom go bhfuil sé sásúil go ndéantar "Nuacht TG4" faoi láthair istigh i gcúinne beag i stiúideo beag. Is é "Nuacht TG4" an flagship don chroí-lucht féachana ós rud é gurb é an clár is mó ar a mbreathnaíonn an grúpa sin. Faoi láthair, tá athrú á dhéanamh againn ar an stiúideo mór i mBaile na hAbhann. Tá sé i gceist againn go mbeidh cuma ar an stiúideo mar stiúideo mór nuachta. Tá clár an-suntasach nuachta againn i "Nuacht TG4". Feictear dom go bhfuil "súil eile" TG4 le feiceáil i "Nuacht TG4". Caithfimid an comhthéacs ceart proifisiúnta a chur ar fáil do "Nuacht TG4". Mar is léir don choiste, táimid ag leanacht le cláracha spóirt. Craolfar clár álainn faoin bPáirc Uí Chaoimh nua i gCorcaigh ar TG4 Dé Céadaoin. Is fiú go mór breathnú ar an gclár, atá mar shampla den chineál infheistíochta i gcláracha spóirt atá á dhéanamh againn. Tuigtear dom go bhfuil an chaoi ina dhéanann TG4 taifeadadh ar rudaí mar chuid den "súil eile". Nílimid sásta díreach daoine a chur isteach i stiúideonna. Is fearr linn dul amach chuig na daoine, cibé cén áit ina bhfuil siad. Feictear dom go bhfuil sé sin mar cheann de na rudaí gur mhaith linn a dhéanamh.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an tríú cheist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.