Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Ms Lís Ní Dhálaigh:

Ó thaobh stuif do daoine óga agus leanaí, tá cuid mhaith ar bun againn cheana féin dóibh sin. Araon leis na cláir atá ar an teilifís, tá seinnteoir faoi leith do pháistí - seinnteoir Cúla 4. Táthar ábalta féachaint ar chláir do leanaí am ar bith den lá. Cláir do leanaí bunscoile agus réamhscoile atá i gceist. Ina theannta sin, tá roinnt obair déanta againn ó thaobh ábhair a chruthú i gcomhair foghlaim na teanga. Tá roinn aipeanna sa tsraith "Cúla Caint" tugtha amach le cabhrú le leanaí a bhíonn ag foghlaim na teanga. Táimid ag déanamh go leor oibre ó thaobh ábhar YouTube do pháistí níos óige freisin. Is tríd YouTube a bhíonn siad ag féachaint ar go leor den ábhar níos giorra. Tá sé sin ann cheana féin i gcás leanaí níos óige.

I gcás lucht féachana níos sine, daoine idir 15 agus na luath 20í nó mar sin, táimid i mbun ardán nua meán sóisialta a thosú don lucht féachana sin faoi láthair. Is macasamhail rud atá i mbun ag an BBC thall san Albain darb ainm BBC The Social é. Is ardán é ina gcuirfimid ábhár dár gcuid féin ar fáil, ach is spás é le haghaidh user-generated content freisin. Beidh an lucht féachana sin in ann ábhar a chur ar fáil air chomh maith. Tá sé sin ar bun againn faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh toradh na hoibre sin le feiscint go luath an bhliain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.