Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil mar beidh orm imeacht i gceann cúpla nóiméad le páirt a ghlacadh i ndíospóireacht. Tacaím go hiomlán leis an éileamh ar níos mó maoinithe. Is fíor a rá go bhfuil gá leis. Mar a dúirt na finnéithe, tá formhór den phobal ar aon focal ó thaobh caighdeán iontach na clár faisnéise, stair, spóirt ach go háirithe, agus dramaíochta. Tá leárgas maith tugtha ar an aistriú ó thaobh daoine níos óige agus ar an slí ina mbreathnaíonn siad ar na meáin - físeanna gairid agus cláir taifeadta den chuid is mó. Ar an gcéad dul síos díreoidh mé ar na bhfíseáin gairid. An bhfuil mórán oibre déanta go fóill ag TG4 faoi conas go bhféadfadh sé dul i ngleic leis sin? An bhfuil straitéis ó thaobh clár do leanaí agus an saghas sin de rud? Cad atá i gceist?
No comments