Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Pádhraic Ó Ciardha:

B'fhéidir go bhféadfainn focal amháin a chur leis sin agus is é seo é, díreach ar imeachtaí an Dhomhnaigh i bPáirc an Chrócaigh, caithfear cuimhniú ar dhá rud. Nuair a imríodh cluiche ceannais na hÉireann i bpeil na mban sa mbliain 1992 - thug muid an fhoireann jubilee amach ar an bpáirc an lá cheana - bhí 3,200 duine i láthair ag an gcluiche ceannais. Bhí 46,000 i latháir Dé Domhnaigh seo caite. Sin an chéad rud. Is é an dara rud ná go raibh chuile nóiméad den chraoladh iontach teilifíse sin léirithe ag comhlacht atá lonnaithe in áit nach raibh cáil na teilifíse air roimh 1995, sin sa Rinn i bPort Láirge. Tá an comhlacht sin ag léiriú cláir teilifíse dúinn, do chainéil eile sa tír seo agus do chainéil eile thar lear. Tá gnólachtaí eile ar fad ar bun aige chomh maith leis an méid cláir atá sé ag déanamh. Ní tharlaíonn sé sin gan dhá rud: tacaíocht agus samhlaíocht. Chonaic na baill iad féin an méid a tharla ansin Dé Domhnaigh seo caite.

D'aimsigh TG4 bearna sa mhargadh roinnt blianta ó shin. Ní raibh an spórt iontach dúchasach atá againn ag fáil cothrom na féinne ó na craoltóirí eile ná na meáin eile. Chreid muid ann agus cheannaigh muid na cearta ar choinníol go mbeadh comhpháirtíocht againn leo, ní hamháin na cearta craolta, ach go mbeadh muid mar urra ar an gcomhlacht. Bhíomar ag iarraidh cineál nua caidrimh a bhunú. D'fhás muid le chéile. Tá urraí eile ag Cumann Peil Gaelach na mBan le haghaidh comórtas eile. Ní fheicimid é sin mar iomaíocht. Feicimid é sin mar dheis chomhoibrithe. Ba toradh iontach í an Domhnach, cé go raibh tuairim eile ag daoine, b'fhéidir, ar thoradh an cluiche féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.