Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Mr. Alan Esslemont:
Le haghaidh na haimsire sin, is nóiméad amháin atá i gceist. Bíonn nóiméad amháin, trí nóiméad agus 15 nóiméad i gceist. Is féidir linn briseadh síos a thabhairt don choiste. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil an leibhéil awareness sin ann, áfach. Is é nóiméad amháin an tslat tomhais atá ag an BAI le haghaidh muide agus le haghaidh RTE agus TV3. Sin an fáth go bhfuil muid ag obair mar sin.
Den chéad uair ó bhí 2009 ann, tháinig méadú ar sciar náisiúnta TG4 in 2016. Mar atá 2017 ag dul ar aghaidh, tá muid an-dóchasach gur féidir linn an méadú sin a choinneáil ag imeacht. Má tharlaíonn sé dhá bhliain i ndiaidh a chéile, is é a bheadh i gceist ná gurb é an chéad uair a tharla méadú dhá bhliain as a chéile ó bhí 2004-05 ann.
Maidir le haimsiú náisiúnta seachtainiúil sa bpolacht, bíonn beagnach leath den tír uilig ag breathnú ar TG4 ag am éigin i gcaitheamh na seachtaine. Arís, níl aon mheán Gaeilge cosúil leis. Cé go bhfuil na céadta cainéal ar fáil do dhaoine in Éirinn, tá muid anois sa seachtú háit i measc na gcainéal is mó féachana. Mar gheall ar an obair atá muid ag déanamh leis na meáin shóisialta, tháinig méadú de bheagnach 40% den mhéid daoine ag breathnú ar sheinnteoir TG4 ar an Idirlín.
Tá an chéad shleamhnán eile casta. Tá mé an-sásta am a chaitheamh air á mhíniú. An straitéis atá ag TG4 ná straitéis twin pole. Théis 20 bliain is féidir linn a rá go bhfuil an úsáid a bhaineann daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain as TG4 go hiomlán difriúil ón úsáid a bhaineann an chuid is mó de na daoine - is cuma beagánín Gaeilge a bheith acu nó gan Ghaeilge a bheith acu chor ar bith. I ndáiríre, tá muid ag breathnú ar dhá phota: pota amháin le 200,000 duine - sin daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain - agus pota eile le 4 milliún duine.
An rud is tábhachtaí do na daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain ná an nuacht, drámaíocht agus siamsaíocht. Ar bhealach, úsáideann daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá TG4 mar a úsáideann an chuid is mó den náisiún seo RTE1 nó mar a úsáideann na Sasanaigh BBC1. Má tá muid ag cuartú uimhreacha móra náisiúnta, tagann daoine go dtí muid ach tiocfaidh siad le haghaidh seánraí atá restrictive. Tiocfaidh siad le haghaidh spórt náisiúnta, mar a chonaic muid Dé Domhnaigh, le haghaidh ceol náisiúnta, mar a chonaic muid ag an bhFleadh, agus le haghaidh faisnéise náisiúnta. Níl aon taxi driver anois i mBaile Átha Cliath nach deir liom, "You have great documentaries." Níl aon dabht faoi. Sin na réimsí náisiúnta má tá muid ag cuartú uimhreacha náisiúnta.
Nuair a thosaigh TnaG, chraol muid, mar a deirim, straight down the middle. Níor éirigh leis an straitéis sin. Is é atá á rá againn leis an straitéis twin pole ná go gcaitheann muid cuid den am freastal ar an 200,000 agus cuid den am caitheann muid dul amach agus an doras a oscailt le haghaidh an 4 mhilliún. Go dtí seo i mbliana, tá ag éirí leis.
Tá muid ag réiteach straitéis nua le haghaidh an BAI. Tosóidh an straitéis nua seo i mí Eanáir an bhliain seo chugainn. Tá sé bunaithe ar trí bhunphrionsabal: fás, comhpháirtíocht agus cothrom na Féinne. Maidir le fás, tá sé i gceist againn méadú a chur ar an lucht féachana náisiúnta. Tá sé i gceist againn cur le heacnamaíocht chruthaitheach na hÉireann agus cabhrú le hidirnáisiúnú na hearnála léirithe. Tá sé i gceist againn cur le stádas agus normalú na Gaeilge freisin.
Maidir le comhpháirtíocht, níl an t-airgead atá ag an gcuid is mó de chraoltóirí againn ach is féidir linn an branda agus na hacmhainní atá againn a úsáid má oibríonn muid mar chomhpháirtí. Cuirim san áireamh ansin a bheith ag obair mar chomhpháirtí le RTE, leis an BBC agus leis an BAI agus, mar a chonaic muid Dé Domhnaigh, mar chomhpháirtí leis an Ladies Gaelic Football Assocation, LGFA, leis an GAA agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Is féidir linn oibriú mar chomhpháirtí an-mhaith.
Maidir le cothrom na Féinne nó solidarity, cuirim san áireamh ansin an croí-lucht féachana - an 200,000 duine a labhraíonn Gaeilge. Níl ann ach méid áirid beag ach caithfear cothrom na Féinne a thabhairt do na pobail a roghnaíonn Gaeilge a labhairt agus a labhraíonn Gaeilge sa mbaile lena gclainne. Caitheann muid freisin tacú le comhionannas inscne. Creidim go bhfuil an obair atá muid ag déanamh le spórt na mban thar a bheith tábhachtach. Caithfidh muid cur le tallann nua. Go leor den tallann nua Béarla a fheiceann muid ar RTE, thosaigh siad in áit amháin agus is í sin TG4.
Caitheann muid cuimhneamh ar an crash. Déanann daoine dearmad air. Chaith mise an chuid is mó den am sin thall in Albain. Tá muid tar éis dul i gcleachtadh ar an crash agus, de réir a chéile, rudaí ag teacht ar ais. D'fhág an crash rian ar go leor den struchtúr, áfach, agus scaití déanann muid dearmad air sin. Bhí fás agus bhí straitéis maidir le fás idir, cuir i gcás, 2001 agus 2007 san earnáil agus sa chraoltóireacht, ach tá sé sin briste as a chéile agus caithfear cuimhneamh air sin.
Ag am áirid san 1880í, díreach ag dul leis an globalisation flow, na spóirt is láidre a bhí i gCill Chainnigh ná cricket agus, ina dhiaidh sin, tennis. Dá mbeadh daoine ag dul leis an globalisation flow ag an am sin, ní bheadh an GAA againn inniu agus ní bheadh laethanta mar a bhí Dé Domhnaigh againn. Ní bheadh ceol Éireannach ann nó ní bheadh sé chomh láidir is atá sé. Ag pointe áirid, ní féidir just dul leis an globalisation flow. Caithfear infheistíocht a dhéanamh sa rud dúchasach. Mar a deirim, rinne an GAA, Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann infheistíocht sa rud dúchasach. Théis an crash, ná déan dearmad gur briseadh rudaí agus gur fiú ag an am seo infheistíocht a dhéanamh arís sa rud dúchasach.
Sa phlean cúig bliana atá muid ag déanamh don BAI, tá muid ag rá gur chóir dúinn tabhairt faoi deara go raibh crash eacnamaíochta ann. Mar gheall ar an crash, bhí ar TG4 fócas a chur ar chostais agus, de réir a chéile, tháinig production focus in áit audience focus isteach sa bhealach oibre a bhí againn. Tá €6 mhilliún níos lú againn ná mar a bhí againn roimh an crash agus tá muid den tuairim, agus tá sé sa tuarascáil de chuid an BAI, go bhfuil deis ann ag an bpointe seo, i mí Eanáir 2018, tosaigh air sin arís. Níl muid ag cuartú ach restoration den €6 mhilliún. Cuirfidh muid an t-airgead sin isteach san earnáil agus cuirfidh muid fás ar an eacnamaíocht chruthaitheach.
Tá deis cabhrú le léiritheoirí Gaeilge ní hamháin fás trí Ghaeilge ach fás go hidirnáisiúnta. Le bliain na Gaeilge an bhliain seo chugainn, tá deis ann don chomhoibriú idir muide, RTE agus Creative Ireland tús a chur arís leis an móiminteam atá caillte beagánín ag an nGaeilge. Caithfidh muid cuimhneamh go raibh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag fás agus ag fás agus go raibh tionchar ag an crash air sin. Is féidir móiminteam a chur leis arís agus is féidir ról a bheith ag TG4 ansin.
Tá dhá rogha ag an bpointe seo. Is féidir linn stad a chur leis an siar-thitim agus is féidir linn fás arís nó tá rogha eile ann.
Is féidir linn fás arís. Faoi dheireadh thiar thall, mura dtiocfaidh infheistíocht nua isteach i TG4, tá baol an-mhór go leanfaidh an síor-thitim seo, go leanfaidh sé agus go leanfaidh sé agus nach mbeidh an tionchar céanna ag infheistíocht atá ag dul isteach i TG4 agus ba cheart. Tá baol ann freisin go dtitifidh sé isteach sa rud a dtugaim an "digital jungle" air, i measc na céadta de chainéil nach bhfuil daoine ag breathnú orthu go rialta. Táimid ag iarraidh ar an gcoiste tacú leis an iarratas atá againn agus leis an straitéis. Dar linn, tá an aiseolas ón BAI an-láidir go fóill. Iarraimid ar an gcoiste tacú le infheistíocht i TG4 - infheistíocht nach dtéann níos faide ná restoration, suim de €6 milliún thairis na cúig bliana atá romhainn. Sin an t-iarratas atá againn. Creidimid gur féidir linn athrú ó bhun a dhéanamh. Chonaic an coiste an comhoibriú idir TG4 agus peil na mban agus an tionchar gur féidir a bheith aige sin ar sochaí na hÉireann. Chonaic an coiste "Fleadh TV" agus an tionchar gur féidir le TG4 imirt ar sochaí na hÉireann. Is féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh ach teastaíonn an infheistíocht a chaill muid a fháil ar ais.
No comments