Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Mr. Alan Esslemont:
Táimid an-bhuíoch an deis a fháil labhairt anseo. Tá roinnt rudaí curtha ar aghaidh go dtí an coiste againn, ina measc ráiteas tosaigh agus léaráid a bhaineann le craoltóireacht. Glacann muid go bhfuil sé sin léite ag an gcoiste. Freisin, bhí roinnt eolais faoi fhotheidil in TG4. Freisin chuir mé ar aghaidh cur i láthair a bheidh mé á úsáid inniu. Tá roinnt léaráidí ann. Beidh mé ag iarraidh roinnt rudaí a mhíniú don choiste agus b'fhéidir go mbeidh na léaráidí úsáideach.
Tá mise sa bpost seo le bliain anuas beagnach. Roimhe sin bhí mé ag obair le BBC Alba in Albain agus roimhe sin bhí mé le TnaG, mar a bhí ag an am. Ag teacht isteach ag an obair, chonacthas dom go raibh sé tábhachtach breathnú ar céard a bhí daoine ag rá fúinn agus cén tuairim a bhí ag daoine. Anuraidh bhí roinnt tuairiscí ón Broadcasting Authority of Ireland, BAI, ar TG4 agus tá siadsan léirithe ar an dara sleamhnán. Rud amháin a bhí ann ná é seo: "A key question for policymakers and for BAI is what role TG4 is to play in the Irish broadcasting market." Bhí ceist ansin, cén fáth go díreach TG4? Feictear dom go bhfuil sé tábhachtach go ndíreoidh muid air sin. Ceann de na freagraí ná is craoltóir-foilsitheoir muid agus tá ról againn san aeráid craoltóireachta in Éirinn atá difriúil le ról gach craoltóir eile. An dara rud a tháinig amach as na tuairiscí ná "an increase in funding is required if its audience share is not to continue on its downward trend". Tá dhá rud ansin. Tá an BAI ag rá le roinnt blianta gur theastaigh tuilleadh infheistíochta ag TG4 agus freisin go raibh titim sa sciar lucht féachana a bhí ag TG4 le roinnt blianta. Dúradh freisin go raibh sé tábhachtach that "the focus should be on targeting to maintain their market share". Arís, fócas ag teacht ansin ón BAI. Tá tuairisc difriúil eile ann atá an-tábhachtach. Nuair atá an BAI ag labhairt leis an lucht féachana, cén sórt freagra a bhí siad ag fháil ón lucht féachana? An rud a tháinig ar ais ná go raibh "the potential to improve in relation to compelling and entertaining programming that people simply want to watch" ag TG4. Domsa bhí go leor leor markers ansin ar an gcaoi gur cheart dúinn dul.
Ar an gceathrú sleamhnán, tá léaráid leis an acrainm GAFA - Google, Apple, Facebook, Amazon - air. Ceapann muid go bhfuil TG4 óg ach, má bhreathnaíonn muid ar na comhlachtaí sin uilig agus na hathruithe ar an earnáil, tháinig athrú mór sa deich mbliana théis do TG4 teacht ar an aer. Tá muid níos sine ná Amazon, Google, Facebook agus YouTube agus anois ní féidir a bheith ag craoltóireacht gan a bheith ag cuimhneamh ar an acrainm GAFA.
Tá roinnt eolais ar sleamhnán 5 faoi connectivity. Tuigeann an coiste go bhfuil connectivity ag an duine óg tríd an fón. Sin athrú mór ar an aeráid a bhaineann le TG4.
Ar sleamhnán 6, tá eolas faoi na meáin shóisialta agus go háirid an tábhacht a bhaineann le Facebook. Caithfimid cuimhneamh gur comhlacht í Facebook a bhfuil a cheannáras Eorpach lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Arís, maidir le craoltóireacht, ní féidir gan a bheith ag breathnú ar na meáin shóisialta.
Is léir ó shleamhnán 7 go bhfuil fós an-tábhachtach le live TV. Ó thaobh daoine ag breathnú ar fhiseáin, fós an rud is tábhachtaí ná an teilifís. An dara rud is tábhachtaí ná an teilifís atá á thaifead ar bhosca ar nós Skybox nó Virgin box etc. Ina dhiaidh sin, tá video on demand. Tá an saol ag athrú ach tá an-tábhacht fós leis an teilifís líneach.
Maidir leis an gcéad sleamhnán eile, tá sé an-suimiúil go bhfuil fás ag teacht ar an rud a dtugann muid short form video air. Tá daoine tosaithe ag breathnú ar míreanna beaga de dhá nó trí nóiméad. Tá an chuid is mó acu sa tír seo i mBéarla mar a bhfuil sa gcuid den domhan atá ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá obair le déanamh air sin mar chuid den straitéis.
Ar shleamhnán 9, léiríonn muid i ndáiríre go bhfuil ar a laghad cúig aois difriúla den lucht féachana ann. Má bhreathnaíonn muid ar na daoine atá os cionn 55 bliain d'aois, ar éigean go bhfuil an patrún féachana athraithe le cúig bliana. Má bhreathnaíonn muid ar an aois-ghrúpa is óga, téann páistí díreach go tablets nuair atá siad ag cuartú content. Tá teilifís beo fós an-tábhachtach do dhaoine idir 12 agus 17 bliain d'aois ach tá an-suim acu i short form videos. Feicfidh an coiste go bhfuil difríocht an-mhór sna demographics. Is féidir beagnach a rá go bhféachann daoine atá os cionn 35 bliain d'aois ar theilifís líneach faoi láthair. Maidir le daoine atá faoi 35 bliain d'aois, caithfidh muid teacht ar bhealach le freastal ar an lucht féachana sin.
Ar shleamhnán 10 níl ann ach uasdhátú ar cén chaoi a raibh TG4 in 2016. An-láidir leis an gcroí-lucht féachana agus é sin daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá. Bíonn 92% acu ag breathnú air gach seachtain. Tá beagnach 500,000 duine ag breathnú ar TG4 in Éirinn gach lá. Níl aon mheán Gaeilge in aice leis nó cosúil leis. Le go leor de na meáin Ghaeilge, tá muid ag caint ar 10,000 duine. Le TG4, tá muid ag caint ar beagnach 500,000 duine.
No comments