Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Gabh mo leithscéal. Táimid déanach ag tosnú inniu agus tá an locht go huile is go hiomlan ormsa. Cuirim céad míle fáilte roimh na hionadaithe ó TG4. Táimid thar a bheith sásta gur ghlac siad leis an gcuireadh agus go bhfuil siad anseo. Gabhaim mo bhuíochas leis an Uasal Alan Esslemont, ardstiúrthóir, Lís Ní Dhálaigh, stiúrthóir margaíochta agus forbartha, agus Pádhraic Ó Ciardha, leas-cheannasaí. Tá leithscéal faighte againn ó na Teachtaí Fergus O'Dowd agus Pat The Cope Gallagher agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. De ghnáth bíonn siad anseo ach tá sé deacair go leor freastal ar chuile rud. Beidh píosa oibre againn anois maidir leis an Acht.
No comments