Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 20 September 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Irish Manuscripts Commission: Chairperson Designate

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Anois déanfaimid plé leis an Ollamh John McCafferty, atá mar chathaoirleach ainmnithe ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. Cuirimid fáilte roimhe. I thank Professor McCafferty for coming before us today to give his presentation.

Sula dtosóimid, ba mhaith liom an Ollamh McCafferty a chur ar a aird go bhfuil sé, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann sé don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dó ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann sé dá tabhairt, níl sé i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise aige. Ordaítear dó nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dó cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom é a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann sé faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint. We look forward to Professor McCafferty's presentation. I ask him to commence and we will then put some questions to him after that.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.