Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

7:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ag teacht ar ais ag líon na gcláir, luaigh an tUasal Mac Con Iomaire figiúr de 118 uair sa mbliain. Sin beagán bídeach le cois dhá uair an chloig sa tseachtain. An bhfuil sprioc i gceist leis sin a mhéadú le go mbeadh níos mó ann? Thar tréimhse an phlean, ceithre nó cúig bliana, an bhfuil sé i gceist, mar shampla, é a ardú go dtí deich n-uair nó 15 uair sa tseachtain? An bhfuil spriocanna den chineál sin ann chun go mbeidh muid ag dul chun cinn seachas ag fanacht mar atá ó thaobh an tsoláthair de?

Tá dualgas ar RTÉ céatadán áirithe clár a cheannach ón earnáil neamhspleách. Taobh istigh den chéatadán áirithe sin an bhfuil céatadán leagtha síos ó thaobh na Gaeilge de? An bhfuil sé i gceist é sin a mhéadú sa gcaoi go mbeadh níos mó clár atá déanta go neamhspleách le feiceáil ar RTÉ? Céard é an scéal ó thaobh Raidió na Gaeltachta? Glacaim leis go bhfuil an laincis chéanna air faoin méid áirithe clár a cheannach ón earnáil neamhspleách. Cé mhéad atá i gceist leis sin? Cén chaoi a dtugtar faoi sin? An bhfuil ról áirithe do na staisiúin raidió a luadh níos túisce, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus araile, cur isteach ar na sraitheanna clár sin a bheadh RTÉ ag cuardach ó réimsí éagsúla?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.