Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
7:15 pm
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Nuair a deirim nár leagadh buiséad ar leith ní hin le rá nach bhfuil costais sa mbreis ann. Mar shampla, tá sé tógtha ag an rannóg spóirt air féin buiséad a chur ar fáil le haghaidh na seirbhíse tráchtaireachta dátheangacha. Thóg 2FM air féin buiséad a chur ar fáil don chart show dátheangach atá aige. Tógtar buiséid as buiséid seirbhísí éagsúla taobh istigh den eagraíocht seachas buiséad ar leith a bheith curtha ar leataobh le dáileadh amach.
No comments