Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
7:15 pm
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Tá ardú suntasach ar an méid Gaeilge. Tá an ceart ag an Teachta go raibh tráth ann, mar shampla ó thaobh leanúnachais idir chláir, nach mbeadh Gaeilge le chloisteáil ach le linn Seachtain na Gaeilge. Tá sé sin athruithe. Sa chéad bhliain den phlean bhí beagnach 1,000 fógra leanúnachais i nGaeilge ar na seirbhísí Béarla. Níor bhain siad le cur i láthair ar chraoltaí i nGaeilge amháin. D'fhéadfaí sé gur "Eastenders" nó "Fair City" a bhí i gceist, ach go bhfuil an cur chuige agus an glacadh leis, mar shampla-----
No comments