Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

7:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

B'fhéidir go gcuirfidh an tUasal Mac Con Iomaire é sin in iúl don ardcheannasaí mar is léir go bhfuil siad dall air in RTÉ le mo chuimhne. Tá dearcadh amháin acu in RTÉ go mbíonn rudaí sách maith nuair atáthar taobh thiar den tSionnain ach nach bheadh a leithéid sách maith thuas i nDomhnach Broc. Is airgead an cháiníocóra atáimid ag caint air anseo. Cuireann sé iontas orm go nglactar lena leithéid agus go nglacann na ceardchumainn leis. Bheadh tairgiúlacht i bhfad níos airde ar chuile bealach ag daoine go bhfuiltear ag súil leo multitasking a dhéanamh. Tá sé níos deacra dóthain daoine a fháil do chláir Gaeilge toisc go bhfuil an líon daoine le Gaeilge níos teoranta agus tá an meánphá fós níos ísle. Tá scoth na gclár á chur amach ag Raidió na Gaeltachta. Nuair a bunaíodh TG4 agus nuair a tháinig tairgiúlacht i gceist ansin, bhí ar RTÉ athrú faoi dheireadh agus gan a bheith ag cur triúr nó ceathrar amach ag déanamh jab gur féidir le beirt a dhéanamh. Tá sé in am dúiseacht ó thaobh tairgiúlachta de. Más féidir é a dhéanamh taobh istigh den Státchóras in áit amháin is féidir é a dhéanamh taobh istigh den Státchóras in áit eile agus cláir d'ardchaighdeán a sholáthar don phobal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.