Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

7:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bheifí ag súil go dtosóidís níos airde agus go gcríochnóidís níos airde. Is dóigh go mbíonn b'fhéidir triúr nó ceathrar ag plé le "Adhmhaidin" - duine na gcnaipí, duine léiriú agus duine ag cur i láthair. Níl a fhios agam cé mhéad a bheadh ag obair ar "Morning Ireland". Bhí i bhfad níos mó ná triúr ná ceathrar aon uair a bhí mise ann. Bhí daoine ag titim ar a chéile ann. Ar smaoiníodh riamh ar dhaoine a thabhairt ó Dhomhnach Broc siar go Raidió na Gaeltachta le múineadh dóibh conas a bheith chomh éifeachtaí agus atá Raidió na Gaeltachta le sárchláir a chur amach ar bheagán acmhainní? Tá productivity i bhfad níos airde i Raidió na Gaeltachta ná mar atá ina mhacasamhail in RTÉ, nach bhfuil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.