Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
7:05 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ní bhacfaimid leis na poncanna. Mar sin, €13 milliún a chaitheadh. Baineann Raidió na Gaeltachta le pobal na Gaeltachta. Go príomha, is stáisiúin raidió do phobal na Gaeltachta é Raidió na Gaeltachta. Caitheann RTÉ €13 milliún ar an gcuid eile den tír ó thaobh na Gaeilge de.
Ó thaobh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta de, tuigtear dom go bhfuil na daoine ag obair sa raidió ar scála pá níos lú ná na daoine atá ag obair sna jabanna comhionann in RTÉ i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath.
No comments