Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

5:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an-díomá orm nach bhfuil níos mó ag obair ann. Bhí cineál iontas orm sa mhéad a dúirt an tUasal Ó Coinn faoi earcú agus mar sin de. Is miotas é dar liomsa nach féidir daoine a earcú taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Tóg, mar shampla, TG4, Raidió na Gaeltachta, Oifig an Choimisinéara Teanga, an Roinn le freagracht as ealaíon, oidhreacht agus an Ghaeltacht, nó cultúr, oidhreacht agus Gaeltachta, mar a bheidh, agus Údarás na Gaeltachta. Níl aon fhadhb acu daoine, agus daoine den scoth, a earcú. Tá a fhios agam gur chomhlacht teilifíse é ach is mó i bhfad atá TG4 i mbéal an phobail, ná mar atá Foras na Gaeilge, in ainneoin go bhfuil sé thiar i mBaile na hAbhann. Caithim a chur ar thaifead an choiste sin nach dtagaim ar chor ar bith go gcaithfidh chuile shórt a bheith lárnaithe i mBaile Átha Cliath le go mbeadh sé i mbéal an phobail nó éifeachtach. Tiocfaidh na daoine go dtí an áit atá na jabanna.

Go deimhin fein, is dóigh liomsa gur an mhalairt atá fíor. Nuair a shocraíonn daoine in oifig tuaithe, tá siad an-deacair iad a bhogadh ar ais go Baile Átha Cliath, fiú ar ardú céime sa Státseirbhís. Feiceann muid é sin sa Státseirbhís. De na daoine a théann siar, is fíorbheagán dóibh a thagann aniar. Ba mhaith liom go mbeadh sé sin ar an taifead mar tá díomá orm nach bhfuil ach ochtar i nGaoth Dobhair.

Cén fáth Gaoth Dobhair seachas Conamara? Nuair a roghnaíodh Gaoth Dobhair, mé féin a roghnaigh é. Ar an gcéad dul síos, bhí cás ann go raibh Gaeltacht Chonamara tar éis go leor a fháil. Bhí mise mar ionadaí ar Ghaeltacht Chonamara. An dara rud ná, ó tharla gur forais Thuaidh-Theas iad Foras na Gaeilge agus An Foras Teanga, shíl mé go mbeadh sé go maith go mbeadh Gaeilge Chúige Uladh i dtreis i bpríomhoifig Foras na Gaeilge, mar a bhí leagtha amach, ach ní mar sin atá.

Tá ceist amháin agam ar an Uasal Ó Coinn a bhaineann le hOifig na nOibreacha Poiblí. Is dóigh liomsa gurb é an rud is mó a bhí ag déanamh imní domsa ná, mar is eol don Uasal Ó Coinn, go bhfuil plean a réitíodh maidir le Sráid an Mhúraigh. Nuair a réitíodh an plean sin, ní coiste amuigh ansin ach coiste a bhunaigh an tAire a réitigh an plean. A nAire féin atá i gceist. Caitheadh go leor smaoineamh air. Mar is eol don Uasal Ó Coinn, bhí iarArd-Rúnaí ar an Roinn, Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a raibh eolas aige ar chúrsaí Rialtais, mar chathaoirleach ar an gcoiste. Stiúir sé an coiste go maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.