Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

5:35 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Níl a fhios agam go baileach. Níl sé sin pléite againn, ar ndóigh. Níl sé i gceist againn an ceangal dlí sin a bhriseadh. Is cinnte go mbeadh pionós de shórt éigin le híoc againn dá bharr.

B'fhéidir go bhfreagróidh mé cúpla ceist eile a bhaineann le hábhair a bhfuil mé eolach orthu. D'iarr an Seanadóir orainn cén fáth a shocraíomar ar athlonnú i lár na cathrach seachas in áit ar bith eile sa tír. Thagair sé freisin do chomhairliúcháin leis an fhoireann. Nuair a fhógair muid sa bhliain 2013 go raibh sé i gceist againn bogadh agus an dá oifig a bhí againn i mBaile Átha Cliath a thabhairt le chéile, chinntigh muid go raibh tuiscint mhaith againn ar tuairimí ár gcuid oifigigh maidir leis na rudaí a bheadh an-thábhachtach dóibh i dtaca lenár n-oifigí nua. Bhí fonn orainn bheith cinnte go raibh an tuiscint sin againn agus oifigí nua á lorg againn le haghaidh na bliana 2014 agus amach ansin. Ag an am sin, bhí sé ar bharr liostaí na dtosaíochtaí ón fhoireann go mbeadh ionad againn i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí cúiseanna áirithe leis sin. Mar shampla, cheap oifigigh an Fhorais gur cheart go mbeadh rochtain againn ar na hacmhainní agus na háiseanna atá againn i lár na cathrach, go mbeadh rochtain againn ar oifigí an Rialtais, na Ranna éagsúla agus na húdaráis chomhpháirtíochta eile, ar nós Conradh na Gaeilge agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, atá uilig lonnaithe i lár na cathrach. Lena chois sin, bhí sé soiléir dúinn féin agus don fhoireann go raibh sé an-tábhachtach ó thaobh stádas na Gaeilge de go mbeadh an phríomheagraíocht atá ag plé leis an teanga lonnaithe sa phríomhchathair, áit ina bhfuil trian de chainteoirí Gaeilge na tíre seo lonnaithe. Tá earcaíocht foirne an-tábhachtach duinn freisin. Tá oifigí againn i Rath Chairn, i nGaoth Dobhair agus i mBaile Átha Cliath. Nuair a bhíonn muidne mar eagraíochtaí Gaeilge ag iarraidh ár gcuid foirne a earcú, is léir go mbíonn muid ag tarraingt as líon an-bheag ar fad nuair a chuirtear na scileanna atá de dhíth orainn taobh le taobh leis na scileanna teanga atá ag teastáil. Bhí muidne san fhoireann ardbhainistíochta, sa bhord bainistíochta agus san fhoireann go ginearálta den tuairim go raibh sé tábhachtach go mbeimid lonnaithe i lár na cathrach ionas go mbeimid tarraingteach mar ionad d'earcaithe nó d'fhostaithe úra. Is iad sin na hargóintí do lár na cathrach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.