Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

5:00 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Déanfaidh mé sin. Is é sin an dea-chur chuige a bhíonn againn. Cuirimid ár n-aitheasc iomlán ar fáil i ndiaidh na héisteachta. Gabh mo leithscéal fadúda sin.

Bhain an dara pointe maidir le bogadh go dtí aon oifig amháin i mBaile Átha Cliath leis an fhoireann. Ceapadh go bhféadfaí cur go mór le feidhmíocht na heagraíochta agus go bhféadfaí leas níos fearr a bhaint as cumas agus am na foirne dá mbeadh siad uilig lonnaithe in aon áit amháin. Ceapadh freisin go bhféadfaí cur go mór le meon fhoireann na heagraíochta agus go bhféadfaí deiseanna chomhpháirtíocht foirne a teacht chun cinn dá mbeadh teagmháil níos minice, níos luaithe agus níos éifeachtaí i measc na foirne uilig sna ranna éagsúla atá againn. Ar dheireadh, ceapadh go bhféadfaí forbairt mhór a dhéanamh ar mheon corparáideach Fhoras na Gaeilge.

Le cois na gcúiseanna eagraíochtúla sin, bhí cúiseanna praiticiúla i gceist leis an bhogadh fosta. Níl rochtain sásúil i gCearnóg Mhuirfean faoi láthair le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Níl caighdeán an tsolais i gcuid de na seomra maith agus tá muid ag brath ar fhuinneoga sa díon nó ar fhuinneoga faoi bhun an urlár san íoslach. De bharr go bhfuil ordú caomhnaithe ar an fhoirgneamh, agus de bharr gur seanfhoirgneamh é, bheadh costas an-ard i gceist le bail a chur air. Tá drochbhaill ar na fuinneoga, na hurláir agus an díon. Tá cuid de na hurláir aimhréidh, rud atá ag fágáil fadhbanna droma ag cuid den fhoireann. Tá deora anuas sna hoifigí ag barr an tí agus ní féidir insliú éifeachtach a dhéanamh ar na fuinneoga. De bharr sin tá costas an-ard ag baint le soláthar teasa i gCearnóg Mhuirfean. Ní oireann an suíomh i lár na gcathrach don chomhlacht seachadadh leabhair atá againn ach oiread. Maidir le seachadadh leabhair, baineann costas ard le feithiclí a thabhairt isteach i lár na cathrach le leabhair a bhailiú. D'fhéadfaí cuid de na deacrachtaí sin a réiteach trí athchóiriú a dhéanamh ar an teach. Bheadh costas de thart ar €500,000 air sin. Ní bheadh réiteach ar na deacrachtaí structúrtha san áireamh - fuinneoga, urláir, solas an lae, rochtain do chathaoireacha rothaí agus mar sin de.

Tá cúiseanna eile nach bhfuil Cearnóg Mhuirfean oiriúnach nach raibh a fhios againn fúthu i 2013. Tá curtha in iúl ag Oifig na nOibreacha Poiblí, OOP, nach mbeadh léas fádtéarmach ar fáil ar 6 Cearnóg Mhuirfean. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí sásta síneadh amháin deiridh a chur ar fáil dúinn ar feadh bliana le deis a thabhairt dúinn aistriú go dtí oifigí nua. Dá mbeimis le fanacht ag 6 Cearnóg Mhuirfean tá curtha in iúl ag Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeadh ráta an mhargaidh le híoc againn mar chíos - ráta a bheidh i bhfad níos airde ná an ráta reatha. Tá an ráta reatha bunaithe ar athbhreithniú cíosa a rinneadh in 2009, nuair a bhí an géarchéim eacnamaíochta ar siúl. Tá ráta an mhargaidh sa lá atá inniu ann dhá oiread níos airde ná ráta 2009. In 2013 ní raibh an ráchairt chéanna ar chóiríocht oifige i mBaile Átha Cliath agus atá anois. Anois, tá ganntanas chóiríocht oifige ann i lár na gcathrach agus tá ard-costas ann dá bharr.

Le dhá bhliain anuas, tá cuardach leanúnach ar siúl againn agus ag an OOP ar ár son. Níor tháinig ré ar bith eile chun tosaigh go dtí gur tháinig Sráid Amiens chun tosaigh thart ar bhliain ó shin. Tár éis cuardach fada cuimsitheach tá ré ar leith aimsithe ag Sráid Amiens a shásóidh riachtanais iomlán oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus a thabharfaidh deis don eagraíocht forbairt a dhéanamh sna blianta atá amach romhainn. Tá an socrú sin mar thoradh ar phroiséas ceithre bliana de chuardach agus mar thoradh ar phroiséas seacht mí de idirbheartaíocht le ghníomharthaí.

Iarrfaidh mé ar mo chomhgleacaí, Shane Ó hEidhin, stiúrthóir seirbhisí corparáideach Fhoras na Gaeilge, labhairt ar na ghnéithe den cheist seo a bhaineann le cíos agus le costas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.