Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Preserving Ireland's Natural Heritage: Discussion

2:15 pm

Mr. Liam Ó Cuinneagáin:

Tá sé tábhachtach go ndeirim go dtugann agus gur thug Roinn na Gaeltachta tacaíocht leanúnach dúinne thar na blianta. Sin rud amháin.

Is é an dara rud ná go bhfuil sé tábhachtach go smaoineofaí ar ionad cultúrtha Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá an chultúrlann i mBéal Feirste an-ghnóthach ar fad. Tá an chultúrlann i nDoire an-ghnóthach ar fad. Mar a dúirt Ms Nic Giolla Phádraig, tá 1.6 milliúin duine i limistéar iomlán Bhaile Átha Cliath agus dúirt céatadán ard acu - níos mó ná 30% - sa daonáireamh go raibh Gaeilge acu, gan labhairt faoi na daoine as an chuid eile den tír atá ag teacht isteach sa chathair nó daoine go hidirnáisiúnta. B'fhéidir síos an bóthar, b'fhiú do na polaiteoirí a bheith ag smaoineamh ar tacaíocht nó tionscnaimh breise sa dóigh go mbeadh cultúrlann ar leith don Ghaeilge agus do stair na Gaeilge lonnaithe sa phríomhchathair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.