Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 June 2017
Select Committee on Education and Skills
Education (Admission to Schools) Bill 2016: Committee Stage
4:30 pm
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Má bhíonn dlí againn sa tír seo ag rá go gcaithfidh daoine obair a dhéanamh trí Ghaeilge, beidh sé mícheart agus déanfaidh sé damáiste don Ghaeilge. Tá sé ag dul ró-fhada sa treo sin agus ní haontaím leis ar chor ar bith. Níor chuir Éamon de Valera aon dualgas ar éinne an Ghaeilge a labhairt, mura mhian leo é a dhéanamh. Táimid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn, ach níl mise ach ag rá nach gcaithfimid brú a chur ar dhaoine tríd an dlí an Ghaeilge a labhairt. Sin atá i gceist sa leasú seo agus i roinnt leasuithe eile freisin.
No comments