Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 27 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna
6:35 pm
Dr. Harold Hislop:
Sea, ó thaobh scoileanna sa Ghaeltacht. Tagann ceann nó dhó isteach gach lá. Is é an Aoine an spriocdháta. Tá léiriú spéise curtha isteach ag 95% de na meánscoileanna.
Bhíomar ag iarraidh an soláthar múinteoirí a threisiú. Ionas gur féidir le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh tuilleadh múinteoirí a chur tríd an gcúrsa, thug an Roinn cead don ollscoil beirt léachtóirí sa bhreis a fhostú. Cuireadh daoine faoi agallamh an tseachtain seo caite agus tá beirt le ceapadh.
No comments