Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

6:15 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, tabharfaidh mé deis don fhinné. Tá sé deacair mo smaointe a chur le chéile. Is í sin an fhadhb dúinne anois. Cinnte, má théann muid ar ais go dtí na múinteoirí, déarfaidh siad linn nár tharla sé seo nó sin. Faraor, is é sin an rud atá tarlaithe. Is é an t-aon rud atá ag teastáil uainn ná ceiliúradh maidir leis an nGaeilge, ach ní hé sin an teachtaireacht a bhfuaireamar ó na múinteoirí. Sin rud amháin.

Thóg mé nóta ar leathanach a seacht den doiciméid. Bhí méadú suntasach ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú béil. D'ardaigh sé ó 26% go dtí 38%. Is rud iontach é sin. Bhí líon na ndaltaí á dhéanamh ag dul suas. Bhí an-suim acu sa scrúdú béil agus in é a dhéanamh. Is comhartha iontach é go raibh suim acu sa Ghaeilge.

Maidir leis an gcóras nua seo do na marcanna, "thar cinn", "eisceachtúil", agus araile, an mbaineann siad sin le na teangacha uilig, nó an mbaineann siad le mata chomh maith-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.