Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

6:15 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá rud éigin mícheart anseo. Dúirt sibh linn gur míthuiscint a bhí i gceist agus nár éirigh le na múinteoirí freastal ar na cúrsaí cearta. Ní dóigh liom gurb é sin an t-aon fáth. De réir mar a thuigim, dúirt na múinteoirí nach raibh comhairliúchán ceart i gceist, agus nuair a d'fhreastal siad ar chruinniú in Áth Luain, ní raibh sé ar an gclár oibre go mbeadh deireadh leis an scrúdú béil. Níl mise ag iarraidh dul isteach sna sonraí ach amháin le rá go ginearálta go dtagann an teachtaireacht a tháinig trasna ó na múinteoirí díreach salach ar an méid atá ráite ag na finnéithe inniu. Mar sin, tá lón machnaimh anseo, nach bhfuil? Tá lón machnamh i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.