Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

6:05 pm

Ms Eibhlín Ní Scannláin:

An rud atá i gceist leo ná go mbeadh múinteoirí ábalta tuairiscíní a bhronnadh ar na scoláirí bunaithe ar na measúnachtaí rangbhunaithe a bheadh ar siúl acu. Mar atá luaite ag an bpríomhchigire ansan, tá ceithre leibhéal ann i gcás na measúnachtaí rangbhunaithe. Bainfidh na múinteoirí úsáid astu ag cruinnithe ag a dtabharfaidh siad samplaí den obair atá déanta ag na scoláirí ata acu féin. Tá taithí ag éinne a bhíonn ag plé la cúrsaí ag an tríú leibhéal agus le cuid de na cúrsaí eile ag an iarbhunleibhéal, fiú amháin, leis an gcur chuige sin. Tabharfaidh siad samplaí den obair ó na ceithre leibhéal sin leo chuig an gcruinniú sin. Beidh sa ráitis saghas tuairiscíní eile a dhéanfaidh cur síos ar an saghas oibre a bheadh le cur i láthair ag an scoláire chun aon cheann de na tuairiscíní seo a bhaint amach ar a chuid oibre. Sin é a bheidh i gceist ansin. Don dá mheasúnú rangbhunaithe a bheidh ar siúl, is ceann de na tuairiscí sin a bhronnfar ar an scoláire. Ansin, don scrúdú deiridh ina mbeidh an tasc measúnachta agus an scrúdú deiridh scríofa, agus ina mbeidh an cluaistuiscint mar chuid de mar atá faoi láthair, bronnfar grád chomh maith. Arís, beidh sé sin ag brath ar an ngradam. Beidh Gradam ag dul do 90% go 100%; Ardtuillteanas do 75% go 89%; Tuillteanas do 55% go 74%; agus Gnóthaithe do 40% go 54%. Téann sé síos as sin. Is iad na tuairiscíní sin a bheidh ar an teastas féin a bhronnfar ar an scoláire. Mar atá ráite, i gcás na Gaeilge, leagfar amach ann chomh maith an é sonraíocht T1 nó sonraíocht T2 a lean an scoláire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.