Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 27 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna
5:45 pm
Dr. Harold Hislop:
Foilsíodh an chéad plean, ar mhol sé go mbeadh an measúnú ar chumas labhartha na ndaltaí bunaithe sa scoil amháin, don chéad uair in 2013. In 2015 leagadh amach an scéim atá againn anois. Rinne comhairliúchán air ag an am. Is é sin an fáth go ndúrthas sin ag tús an tseisiúin seo. Bhí sé soiléir ó 2015 ar aghaidh go raibh sé ar intinn ag an NCCA an CBA a úsáid chun cumas labhartha na daltaí a mheas. Bhí cuid de na múinteoirí ina choinne toisc go raibh siad i gcoinne na socruithe iomlána don tsraith sóisearach. Ag an bpointe sin níor luaigh siad go raibh siad i gcoinne an tsocraithe sin.
Tháinig gearáin ó roinnt múinteoirí agus is dócha gur chuala an coiste uathu ag seisiúin roimhe seo. Maidir le cuid den mhéid a bhí le rá acu, bhí míthuiscint bhunúsach ann. Tá fadhbanna againn le múinteoirí nach dtuigeann an córas atá curtha i bhfeidhm. Glacaim cén fáth. Ní raibh seans acu freastal ar an bhforbairt ghairmiúil ar tugadh do chuid mhaith de na múinteoirí. Bhí plé an-láidir air seo le múinteoirí i gcoláistí lán-Ghaeilge agus le múinteoirí lasmuigh den Ghaeltacht i ngnáthscoileanna. Ba í an tuairim láidir a bhfuair an NCCA, agus sin an fáth gur thug sé an chomhairle dúinn, ná gur fearr an measúnú a bheith bunaithe sa scoil, scoilt a dhéanamh idir an obair scríofa agus an obair labhartha agus tuairisciú a dhéanamh ar an dá cheann agus iad scartha óna chéile. Ba í an argóint a bhí taobh thiar de ná go bhfuil sé níos féaráilte don pháiste seans a thabhairt dó a chumas sa teanga labhartha a thaispeáint agus a chumas san obair scríofa a thaispéaint.
No comments