Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:45 pm

Dr. Harold Hislop:

Is féidir le duine feiceáil gur éirigh le dalta go hiontach i CBA 1, nár éirigh leis i CBA 2 nuair a bhí an obair ó bhéal faoi scrúdú ach gur éirigh leis go hiontach san obair scríofa, nó a mhalairt. Tá sé féaráilte don dalta. Ní chuirfear le chéile iad. Tugann sé cur síos cuimsitheach ar chumas an dhalta. Sin an plean atá taobh thiar de. Bhí plean eile ann agus is cuid é den fáth a bhíonn an mhíthuiscint sin ag cuid de na múinteoirí nach raibh seans acu freastal ar an fhorbairt ghairmiúil. Níor fhreastal cuid mhaith de bhaill an ASTI ar an fhorbairt ghairmiúil a bhí ar siúl. Tá seanmhíthuiscint acu mar, nuair a d'fhoilsigh an tAire, an Teachta Quinn, an chéad plean, bhí sé ar intinn aige go ngabhfadh 40% don obair scoilbhunaithe agus 60% don scrúdú. Cuireadh scrios ar sin agus níor ghlacadh leis na moltaí sin ar chor ar bith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.