Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 27 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna
5:35 pm
Dr. Harold Hislop:
Bhain tús agus deireadh ár gcainte leis an scoil le hoideachas agus an cúrsa atá ann do mhúinteoirí ag an dara leibhéal le hábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Tá beirt léachtóirí sa bhreis le dul isteach ann ionas gur féidir leis an ollscoil níos mó scoláirí a ullmhú ansin. Tá na chéad chéimeanna tógtha againn freisin maidir le BEd trí mheán na Gaeilge a chur ar siúl. Bhí cruinnithe ag an Roinn an Aoine seo caite leis na hinsitiúidí oideachais ag an tríú leibhéal ionas gur féidir linn próiséas tendering a chur ar siúl chun an BEd a chur ar siúl agus chun iarchéim nó máistreacht sa tumoideachas a chur ar siúl chomh maith. Táimid ag sracadh ar aghaidh agus ag iarraidh an folúntas sin a líonadh agus an fhadhb sin a réiteach. Nílimid sásta fós le caighdeán Gaeilge na ngnáthmhúinteoirí sna meánscoileanna agus sna bunscoileanna agus, mar a luaigh mé cheana, tá obair le déanamh ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar an bhfadhb sin.
No comments