Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:15 pm

Dr. Harold Hislop:

Liomsa um thráthnóna mar fhinné tá Gary Ó Donnchadha, rúnaí ginearálta cúnta sa Roinn. Tá cúramaí aige ar chúrsaí curaclaim sa Roinn. Freisin, liom um thráthnóna tá Eibhlín Ní Scannláin, cigire iarbhunscoile a bhí mar bhall den choiste a rinne an obair ag an NCCA. Bhí sí ansin mar bhall den Roinn Oideachais agus Scileanna ag an am.

Freagróidh mé na ceisteanna a d'ardaigh an Seanadóir. Gabhaim buíochas leis as ucht na ceisteanna. Bhain an chéad cheist a bhí aige le céard a bhí mí-cheart leis an seanchóras agus cén fáth nach rabhamar in ann feabhas a chur ar an seanchóras. Tá roinnt mhaith taighde déanta ar chonas cumas labhartha daltaí a mheas. Tá cuid mhaith tógtha le chéile ag an OECD, mar shampla. Caithfimid a chur san áireamh go bhfuil na daltaí seo timpeall 15 bliain d'aois. Níl siad ag deireadh a gcuid tréimhse sna scoileanna. Fanann an chuid is mó de scoiláirí a dhéanann an teastas sóisearach ar scoil go dtí leibhéal na hardteistiméarachta. Ag an bpointe seo, leath-shlí ar an turas oideachais tríd an mhéanscoil, moltar an measúnú, an teagasc agus an fhoghlaim a choimeád go dlúth lena chéile. Más féidir é a dhéanamh go nádúrtha sa seomra ranga, is fearr é a dhéanamh sa tslí sin. Tá moltaí láidre mar sin foilsithe ag an OECD agus ag áiteanna eile. Tháinig an chomhairle sin chugainn ón NCCA. Níor bhain sé leis an nGaeilge amháin. Bhain sé leis na teangacha uilig, i ndáiríre. Cé go bhfuil socruithe speisialta déanta againn don Ghaeilge, tá CBAs le n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chumas labhartha na ndaltaí sa bhFraincis, sa Spáinnis agus sna teangach eile. Beidh siadsan ag titim amach beag nó mór mar an gcéanna.

An rud is measa a tháinig ón taighde ar an seanchóras ná nár chothaigh sé gnáthteanga labhartha na ndaltaí go héifeachtach. Bhí tuairiscí scríofa ag an SEC agus ag an Roinn agus, fiú, bhí eolas faighte ag an NCCA. Bhí a lán brú ar dhaltaí sleachta a chur de ghlanmheabhair. Ní hamháin sin, chuirtí sraith de phictiúir ós comhair na ndaltaí agus dhéanadh siad cur síos uirthi. Is minic a bhí an cur síos sin de ghlanmheabhair ag daltaí gan, i ndáiríre, tuiscint acu ar pé rud a bhí á rá acu agus ní raibh siad in ann gnáthchomhrá a dhéanamh leis an scrúdaitheoir nó le duine eile ar bith. Sa chás seo, is ar an múinteoir féin an measúnú ar an gcomhrá nádúrtha seo. Is é sin an múinteoir a bhfuil taithí aige nó aici ar na daltaí agus ar a ndul chun cinn. An chomhairle láidir a fuair an Roinn ón NCCA ná gur fearr córas mar sin a chur i bhfeidhm.

Tagann an dara cheist a bhí ag an Seanadóir as an rud sin agus rudaí a chur de ghlanmheabhair. An fiú é? Is fiú, cinnte. Ceapaim féin go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil rudaí éigin - dánta, amhráin agus araile - againn de ghlanmheabhair. Is minic a chuireamar, fiú mé féin nuair a bhíos mar mhac léinn, sleachta as píosa liteartha nó drámaí de ghlanmheabhair. Is maith an rud é sin. Cuireann sé le stór focal na ndaltaí gan dabht. Níl aon rud i gcoinne rudaí a chur de ghlanmheabhair agus níl aon rud ina choinne sa churaclam nua. Ag an am céanna, ní hionann gnáthchaint agus gnáthchomhrá agus sleachta a bheith de ghlanmheabhair ag duine. Is maith an rud é a bheith ábalta sleachta a rá de ghlanmheabhair. Bíonn party pieces ag daoine. Níl aon dabht ach go gcuireann siad le foclóirín an dalta. An rud is tábhachtaí, áfach, ná go mbeadh na daltaí in ann gnáthchomhrá a bheith acu eatarthu féin agus le daoine eile. Sin an rud atáimid ag iarraidh a spreagadh.

Sa tríú cheist a bhí ag an Seanadóir, luaigh sé an Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus an cheist a bhí aige ná an raibh sé ag teacht salach ar an bpolasaí. Ní dóigh linn go bhfuil. Tiocfaidh mé ar ais ar an bpointe maidir le líon na múinteoirí a bhí páirteach sa phróiséas comhairliúcháin ach an rud is tábhachtaí a tháinig as an gcomhairliúchán leis na múinteoirí ná seo. Nuair a d'fhoilisigh an NCCA an chéad dréacht den churaclam nó den shonraíocht, bhí sé ar intinn sonraíocht amháin a bheith ann agus bheadh sé cosúil le mar atá sé anois. Bheadh Gaeilge ann agus sin deireadh leis ag ardleibhéal agus gnáthleibhéal. As an gcomhairliúchán, áfach, tháinig a lán tuairimí chuig an NCCA agus bhí múinteoirí ag rá nach leor curaclam amháin agus go raibh curaclam sa bhreis ag teastáil ó na scoileanna lán-Ghaeilge agus ó na scoileanna Gaeltachta. Rinne múinteoirí, go háirithe múinteoirí i nGaelcholáistí, argóint nach raibh leibhéal na Gaeilge agus an dúshlán sa siollabas ard go leor do na mic léinn a bhí Gaeilge ó dhúchas acu. D'éisteamar leis an gcomhairle sin. Tháinig an NCCA ar ais ag an Roinn, phléamar an cheist agus shocraigh an tAire ag an am iarraidh ar an NCCA dhá churaclam a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid mhúinteoirí.

Toisc go raibh an cinneadh sin déanta, bhí ar an NCCA dul ar ais go múinteoirí agus dara babtha de chomhairliúchán a bheith acu. Bhí comhairliúchán ar an Idirlíon acu agus bhí comhairliúchán scríofa ann. Bhuail an comhairle le grúpa múinteoirí, go háirithe grúpa múinteoirí ón nGaeltacht. Bhuail an comhairle le scoláirí chomh maith. Scrúdaigh an comhairle an rud a bhí ann ag an am agus é sin an dhá dréachtshonraíocht. Luíonn sé sin leis an bpolasaí Gaeltachta. Ceann amháin de na tuairimí a fuaireamar féin sa Roinn nuair a bhí an Polasaí don Oideachas Gaeltachta á phlé ná nach raibh tuismitheoirí agus múinteoirí sa Ghaeltacht sásta leis an gcaighdeán Gaeilge a bhí sa seansiollabas. Bhí sé ró-íseal do lucht labhartha na Gaeilge. An rud a dúirt siad linn ná go bhfuil ardchaighdeán le baint amach sa Bhéarla ag mic léinn sa Ghalltacht nuair atá Béarla á staidéar acu. An cheist a bhí acu ná cén fáth nach bhfuil a leithéid ag titim amach i scoileanna Gaeltachta nuair atá an Ghaeilge ag na scoláirí.

Fáiltíonn an Roinn go bhfuil dhá shiollabas, nó dhá shonraíocht, ann. Chomh maith leis sin, bhí imní ar mhúinteoirí agus ar scoláirí sa Ghaeltacht nach bhfuair siad creidiúint ar an gcumas labhartha a bhí acu. Is minic a dúirt siad linn go raibh Gaeilge labhartha an-láidir ag gasúr éigin agus an cheist a bhí acu ná conas is féidir leis creidiúint a fháil dá bharr. Anois, toisc go bhfiul dhá shonraíocht, nó dhá churaclam, ann agus CBA de shaghas amháin á dhéanamh sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna lán-Ghaeilge, beidh an dalta sin in ann creidiúint a fháil ar leibhéal i bhfad níos airde. Ní hamháin go mbeidh an teist sin déanta ag an dalta ach beidh toradh na teiste sin nó toradh an scrúdaithe sin leagtha amach ar an teastas a bheidh ag an dalta ag deireadh na sraithe sóisearaí.

Chomh maith leis sin, luaigh an Seanadóir an straitéis 20 bliain agus cumas labhartha na ndaltaí. Caithfidh mé a rá go bhfuil tagairt ann don straitéis 20 bliain mar gheall ar an tsraith shóisearach. Ní raibh sé ar intinn scrúdú béil traidisiúnta a chur i bhfeidhm ag an leibhéal sin. Bhí sé sin glactha nuair a foilsíodh an straitéis 20 bliain. Luaigh an Seanadóir sa bhreis cumas labhartha na múinteoirí. Tá an ceart aige go ndearnamar tagairt i dtuairisc an phríomhchigire go raibh fadhbanna ann le Gaeilge na múinteoirí. An trian sin de mhúinteoirí - tá sé níos mó na aon cheathrú agus beagnach aon trian - is i scoileanna i gcoitinne a bhíomar ag caint. Ní rabhamar ag caint go speisialta mar gheall ar na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá roinnt oibre ar siúl chun tabhairt faoin fhadhb sin mar níl aon dabht ach go bhfuil fadhb ann. Níl caighdeán Gaeilge na múinteoirí sa chóras ina iomláine sasúil. Sa Ghaeltacht, go háirithe, tá deacrachtaí ag príomhoidí agus ag boird múinteoirí a fháil. Phléamar an cheist seo cheana. Is féidir leo múinteoirí a fháil le heolaíocht nó stair nó tíreolas ach ní féidir leo múinteoirí a fháil leis na hábhair sin agus cumas acu sa teanga. Thógamar céimeanna i mbliana. Tá beirt léachtóirí sa bhreis le fostú in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuaigh na daoine faoi agallamh chun na poist sin a líonadh an tseachtain seo caite. Bhí muid ag caint le muintir na hollscoile inné agus dúírt siad liom go bhfuil súil acu go bhfuil an ollscoil chun na poist a líonadh roimh Mheán Fómhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.