Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an cheist seo maidir leis an mbéalscrúdú ardaithe ag múinteoirí atá ag plé leis an gceird le fada an lá i gcomhthéacs scoileanna lán-Ghaeilge agus mar mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá an-imní orthu siúd go bhfuiltear ag fáil réidh leis an mbéaltriail go bunúsach. Tá roinnt ceisteanna agam.

Tá caint go bhfuil an béalscrúdú lochtach mar atá. Is é seo ceann de na ceisteanna a tháinig aníos. Nach fearr an béaltriail a chóiriú seachas fáil réidh leis ar fad? Seachas go mbeadh daoine ag foghlaim rud éigin de ghlanmheabhair, ag dul isteach i scrúdú á rá de ghlanmheabhair agus ag iarraidh a bheith ag fáil roinnt marcanna air sin, táimid ag iarraidh go mbeadh tuiscint agus cumas labhartha Gaeilge maith ag na daltaí, cinnte. Ar bhreathnaigh an Roinn ar an gcomhthéacs sin ionas go bhféadfaí an béaltriail a chóiriú seachas fáil réidh leis ar fad?

Luadh freisin sna héisteachtaí a bhí againn nach droch-rud é a bheith ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair ó thaobh sealbhú teanga de. Tugadh samplaí de dhaoine a bhíonn ag foghlaim Fraincis, Gearmáinis agus mar sin de go bhfoghlaimíonn siad sliochtaí de ghlanmheabhair agus, leis sin, go dtagann an teanga leo chomh maith céanna. An bhfuil an Roinn i gcoinne rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair amach is amach nó an bhféadfadh sé a bheith mar chuid den fhoghlaim teanga a bhíonn ar bun?

Maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin, cén deis a bhí ag na múinteoirí agus scoileanna na moltaí a fheiceáil agus a gcuid tuairimí a thabhairt? Cén aischothú a bhí i gceist leis sin?

An bhfuil aon imní ar na finnéithe go bhfuil sé seo ag teacht salach ar an bpolasaí oideachais Gaeltachta atá seolta ag an Roinn, a luaigh mé níos túisce? An bhfuil imní orthu go bhfuil mar aidhm nó sprioc ginearálta cumas Gaeilge labhartha na bpáistí a shaibhriú sna scoileanna Gaeltachta agus go bhfuilimid ag dul i gcoinne seo mar go bhfuilimid ag imeacht ón mbéaltriail? An bhfuil siad ag teacht salach ar a chéile?

Tá an cheist céanna agam maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Luaigh an dream a bhí os ár gcomhair coicís ó shin é sin. Tá sé i gceist go mbeadh pleananna forbartha pobail ó thaobh na Gaeilge de sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá na scoileanna lárnach ann, ach muna bhfuil cumas labhartha Gaeilge na bpáistí láidir, cén chaoi gur féidir leo bheith gníomhach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? An eilifint mór sa seomra i gcónaí sna ceisteanna seo ná caighdeán Gaeilge na múinteoirí féin. Tá sé ráite, fiú sa tuairisc a luadh sna héisteachtaí agus sa staidéar a rinne an príomh-chigire in 2010 agus in 2012, nach raibh an tríú chuid de na múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna líofa go leor lena gcuid teagasc a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Má táimid ag baint tábhacht na Gaeilge labhartha ó na daltaí agus má théann na daltaí sin ar aghaidh le bheith mar mhúinteoirí amach anseo, nach bhfuilimid i ndáiríre ag taoscadh uisce as an tobar gan aon uisce nua ag teacht isteach ann? D'fhéadfaí go dtitfidh an caighdeán síos de réir a chéile mar go mbeidh droch-Ghaeilge ag na daltaí ag dul isteach san ollscoil, beidh caighdeán níos ísle acu nuair atá siad féin ag teagasc agus, dá bhrí sin, beidh an Ghaeilge ag dul i léig de réir a chéile. An bhfuil imní ar na finnéithe faoi sin? Nach gcuidíonn an scrúdú béil leis an gcumas cumarsáide labhartha sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.