Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:30 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Bhí cúpla ceist ullmhaithe agam. Ón plé a bhí ansan, tá cúpla acu freagartha ag na finnéithe cheana féin. Táimid go léir ar aon aigne gur céim mhór chun deiridh atá ann. Ba chóir go mbeadh an scrúdú béil ann. Feicim go mbeadh an Ghaeltacht, an teanga agus na daltaí thíos leis dá mba rud é go mbrúfar ar aghaidh leis. Luadh an tslí, b'fhéidir, nach mbeadh an tsuim chéanna ag daoine teacht go dtí an Ghaeltacht i gcomhair an teanga a fhoghlaim. Mura mbíonn an t-agallamh ann, tógfaidh sé béim ón teanga labhartha.

An saghas ullmhúcháin é do na daltaí? An raibh an t-agallamh a bhí ann don teastas sóisearach an-chosúil leis an ceann a bheadh ann don ardteist? Shamhlóinn gur ullmhúchán an-mhaith don ardteist é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.