Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile
5:20 pm
Ms Máire Clár Nic Mhathúna:
B'fhéidir nach raibh cineál drochsmaointiú i gceist faoin Ghaeilge. Tá sonraíocht an Bhéarla réidh agus á cur i bhfeidhm san am atá i láthair, agus b'fhéidir go bhfacthas do dhaoine gurb ionann an Ghaeilge i scoil Ghaeltachta nó i nGaelscoil - a teanga féin - agus Béarla i scoil Bhéarla. Ar an drochuair, níl an stádas céanna ag an Ghaeilge agus atá ag an Bhéarla. Tá an Ghaeilge leochaileach agus tá an Béarla láidir thart fá dtaobh dúinn uilig go léir. B'fhéidir nach raibh i gceist leis sin ach go d'iarr siad aistriúchán ar an sonraíocht Bhéarla go Gaeilge agus gur sin an dóigh ar tharla sé. Ar ndóigh, ní raibh riamh scrúdú cainte Béarla, cé gur cheart dó a bheith agus go leor teangacha eile ag teacht isteach sa tír anois.
No comments