Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile
5:10 pm
Ms Orla Ní Cheallaigh:
Nó b'fhéidir go bhfaigheadh mé "ionchais le baint amach fós" munar éirigh go maith liom nó má tá obair le déanamh agam fós tar éis dom an toradh a fháil sa tríú bhliain. Mar a dúirt mé, níl aon mharc ansin - tá focla. Beidh ar na daltaí tasc a scríobh bunaithe ar an gcur i láthair agus é a sheoladh go dtí an Roinn. Is fiú 10% é sin agus beidh sé scríofa. Tá 10% bunaithe ar an méid atá scríofa faoin gcur i láthair agus tá 90% bunaithe ar an bpáipéar scríofa. Curtha le chéile, domsa, tá 100% den scrúdú sa bhfoirm scríofa.
Bhí ceist ansin ar ball ag an Teachta Pat The Cope Gallagher, nó ag duine de na baill. An cheist ná an difear-----
No comments