Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:10 pm

Ms Orla Ní Cheallaigh:

Is féidir liomsa cur i láthair a dhéanamh don choiste ar an sean-chóras agus an córas nua anois, más maith leis an gcoiste.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis seo a bheith agam labhairt. As Coill an Bhaile i gContae Mhaigh Eo mise. Táim ag cur fúm anois le 14 bliana i nGaeltacht na Mí i Ráth Chairn. Tuigeann an coiste féin gur áit speisialta agus spéisiúil atá i gceist le Ráth Chairn toisc gur oileán Gaeilge í mórthimpeallaithe ag an mBéarla. Tá an-tábhacht ag baint leis an teanga ann agus go háirithe sa scoil bheag ina bhfuil mise ag obair inti, scoil T1, nó scoil ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga teagaisc inti.

Mar a sheasann sé faoi láthair sa teastas sóisearach, tá 100% ar pháipéar scríofa nó tá 60% ar pháipéar scríofa agus 40% ar scrúdú béil. Tá an t-uafás scoileanna ag roghnú an scrúdú béil a dhéanamh toisc go mbaineann sé leis an ard teist freisin, le 40% atá i gceist leis ag an leibhéal sin. Bhí roinnt fadhbanna ag cuid de na scoileanna in ASTI mar go raibh sé i gcoinne a gcuid prionsabal. B'fhéidir nach raibh sé ar siúl sna scoileanna sin, ach thug go leor scoileanna faoin mbéaltriail roghnach agus d'éirigh go maith leo. Éireoidh go maith le scoláirí i scoil Gaeltachta ar aon nós, ach inseoidh Mícheál Ó Súilleabháin don choiste tuilleadh faoi scoileanna Béarla ar ball.

An plean nua atá socraithe ag an JCT ná-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.