Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:50 pm

Ms Orla Ní Cheallaigh:

Sna scoileanna ina raibh an teastas sóisearach roghnach agus an béaltriail ar siúl iontu, ní raibh íocaíocht i gceist. Bhí múinteoirí á dhéanamh le múinteoirí eile sa scoil. Ní dóigh liom gur sábháil airgid a bhí i gceist. Ar an lá gur dúradh linne gur 90% scríofa agus 10% ar an MRB a bheadh ann, nuair a chuir muid ár ngearran in iúl go poiblí, dúradh linn go raibh sé ró-mhall agus go raibh sé sínithe ag an Aire. Bhí an dochar déanta agus ní raibh muid in ann tada a dhéanamh faoi. Sin a dúradh linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.