Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:40 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá na finnéithe ag rá anois go bhfuil an Roinn ag rá nach mbeidh scrúdú béil ar bith faoin teastas sóisearach agus go mbeidh scrúdú béil faoin ardteist. Ní luíonn sé sin le ciall ar chor ar bith. Aontaím leis an Seanadóir Ó Domhnaill. Molaim gur cheart dúinne a mholadh inniu go dtabharfar an tAire isteach - cibé Aire a bheas ann tar éis an Rialtas agus an Taoiseach nua a thoghadh - chun an cheist seo a phlé linne. Ní luíonn sé le ciall. Chuaigh na finnéithe go dtí an cruinniú in Átha Luain an t-am sin. Bhí an die cast faoin am sin. Bhí siad ag iarraidh cur ina luí orthu go raibh deis acu a moltaí a chur os comhair na daoine sin.

Bhí an Chathoirleach, mé féin agus daoine eile sa Dáil nuair a chuir muid síos rún fadúda Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, OÉG, an t-am sin. Anois deireann an Roinn nár gá don chéad uachtarán eile OÉG Gaeilge a bheith aige nó uirthi. Sin an meon atá sa Roinn. Phléigh mé an cheist seo le déanaí. Ní ceist í sin don Roinn, is ceist í sin don choláiste. Labhair muid go léir i nGaeilge. Cé a labhair i mBéarla? An tAire féin. Tá sé iontach deacair d'Aire mar sin a bheith ábalta teacht isteach agus a bheith i gcoinne seo. Molaim gur cheart an tAire a thabhairt isteach anseo go luath.

Bhí mé ag caint leis an Teachta Ó Laoghaire anseo. Ní dóigh liomsa go mbeidh am againne Private Members' business a chur síos roimh an 13ú den mhí seo chugainn. Ar ndóigh, má chuirtear síos Private Members' business tar éis na díospóireachta, sin sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.