Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:00 pm

Ms Máire Clár Nic Mhathúna:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo agus an ábhar imní seo a phlé. Labhróidh mé ar feadh cúpla bomaite faoin tábhacht a bhaineann leis an scrúdú cainte agus muid ag iarraidh an polasaí don oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, pléfidh mo chomhleacaithe mar a rachfaidh an tsonraíocht i bhfeidhm ar fhoglaim, ar bhuanú agus ar labhairt na Gaeilge sna scoileanna.

Is ionann Gaeltacht agus áit ina labhartar Gaeilge. Tá sé de dhualgas againn na ceantair seo a chaomhnú, a chothú agus a choinneáil ag dul. Don chuid is mó, is ceantair iargúlta scoite iad ina mbíonn dífhostaíocht agus an imirce mar ábhar buartha don phobal. Tá rud amháin acu - saibhreas teangan agus cultúir. Is féidir leis na pobail Gaeltachta bheith bródúil astu féin de thairbhe sin. Dar leis na saineolaithe, ar an drochuair beidh an Ghaeilge ar shiúl as na ceantracha seo taobh istigh de deich mbliana. Creidim go bhfuil tréimhse ocht mbliana i gceist i gcásanna áirithe. Caillfear an tsaibhreas sin - na canúintí éagsúla, an stór focal agus an léargas - ach ní bhfaighfimid ar ais go bráth é. De réir daonáirimh-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.