Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 June 2017

Seanad Committee on the Withdrawal of the United Kingdom from the European Union

Engagement with All-Island Bodies

10:00 am

Mr. Seán Ó Coinn:

Gabhaim míle buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Caithfidh mé a rá go bhfuil scoth na Gaeilge aige. Ní chóir dó a bheith ag déanamh leithscéal as a chuid Gaeilge. Tá sí an-mhaith ar fad.

San aigneacht a sheol muid ar aghaidh tá aistriúchán go Béarla ar gach rud a déarfaidh mé i nGaeilge fosta le cuidiú leis na Seanadóirí agus iad ag iarraidh an cáipéis a léamh, b'fhéidir, ina dhiaidh seo.

Tá lúchair orainn an deis seo a fháil an cur i láthair seo a dhéanamh ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Dálta go leor eile, is údar mór buartha ag Foras na Gaeilge imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar chuid mhór cúiseanna. Mar réamhrá, tá Foras na Gaeilge mar cheann de na comhlachtaí forfheidhmithe trasTeorann a bunaíodh mar chuid d'fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Baineann ár gcuid dualgais reachtúla leis an dá dhlínse. Tá oifigí againn i mBéal Feirste agus ochtar ball foirne lonnaithe ansin. Tá oifigí againn fosta i mBaile Átha Cliath, i Ráth Chairn i gContae na Mí agus i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Ainmnítear ochtar dár gcomhaltaí boird faoi choimirce an Rialtais ó Thuaidh as seisear déag ina n-iomláine. Táimid freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas atá comhdhéanta d'Airí Rialtais ón dá dhlínse. Cuireann an Rialtas ó Thuaidh 25% agus an Rialtas ó Dheas 75% dár maoiniú ar fáil dúinn. Dá réir sin, cuirimid sciar mór dár maoiniú ar fáil do dheontaithe sa dhlínse ó Thuaidh.

Mar sin dó, gan amhras is féidir go mbeidh impleachtaí móra ag an Bhreatimeacht dár gcuid oibre: cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileáin.

Rachaidh an Breatimeacht go mór i bhfeidhm ar ár ndeontaithe agus ar ár bhfostaithe ó Thuaidh agus ó Dheas. Dá réir sin, rachaidh sé go mór i bhfeidhm ar chur chun na Gaeilge ar bhonn uile-oileán.

I dtús báire luafaidh mé na hábhair buartha atá orainn. Baineann cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileán go príomha: le fostaithe atá fostaithe le bheith ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge, agus le hoibrithe deonacha; le pobail Ghaeilge in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus na gréasáin shóisialta agus na deiseanna úsáide a chuirtear ar fáil dóibhsean le húsáid laethúil a bhaint as an Ghaeilge; an tacaíocht maoinithe a chuirtear ar fáil dóibh; agus an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á forbairt - dearcadh na n-údarás; dearcadh an mhórphobail, agus dearcadh phobal na Gaeilge orthu féin.

Beidh tionchair ag an Bhreatimeacht ar na nithe sin uilig, go háirithe ó Thuaidh, agus chomh maith leis sin, i gceantair in aice leis an Teorainn ó Thuaidh agus ó Dheas, agus, i ndáiríre, ar fud na hÉireann. I dtús báire labhróidh mé faoi na daoine. Tá Foras na Gaeilge buartha go mbeidh impleachtaí taistil ann dár bhfostaithe agus dár gcomhaltaí boird mar a leanas. Tá líon beag d’fhostaithe Fhoras na Gaeilge ina gcónaí i gceann amháin den dá dhlínse agus cúraimí orthu sa dlínse eile. Bíonn orthu taisteal thar an Teorainn ar bhonn laethúil. Ní fios go fóill an mbeidh moill nó bac ar thaisteal den chineál seo amach anseo. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh prótacail aontaithe ann lena chinntiú go mbeidh cead ag fostaithe taisteal gan bac chuig a gcuid oibre agus ar ais arís. Ní fios cad iad na socruithe a bheidh ann do dhaoine atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus iad fostaithe san Aontas Eorpach - i bhfocail eile, ina gcónaí i dTuaisceart Éireann agus iad fostaithe sa Deisceart - nó ina gcónaí san Aontas Eorpach agus iad ag obair taobh amuigh dó, is é sin, ina gcónaí i nDeisceart na hÉireann agus iad ag obair ó Thuaidh.

Tá castachtaí ag baint leis sin dúinne agus do na ceanneagraíochtaí. Tá sé cheanneagraíocht a mhaoiníonn Foras na Gaeilge ar bhonn bliantúil le bheith ag cuidiú linn ó thaobh chur chun cinn na dteanga de ar bhonn uile-oileán. Ta níos mó ná 75 duine fostaithe sna sé cheanneagraíocht sin agus cuid mhaith acu fostaithe sa dhlínse ó Thuaidh. Baineann an cheist seo leis an airgeadra ina n-íoctar tuarastail, an ráta malairte, cúrsaí pinsin, agus asbhaintí as tuarastail na bhfostaithe sin. Tá comhaltaí boird agus fostaithe de chuid Fhoras na Gaeilge lonnaithe i nDún na nGall, a mbíonn orthu taisteal trí dhlínse an Tuaiscirt chuig cruinnithe ó Dheas go han-mhinic - ar bhonn seachtainiúil. Beidh prótacail aontaithe de dhíth lena chinntiú gur féidir le taisteal thar teorainn mar seo leanúint ar aghaidh gan bac.

Táimid buartha fosta go mbeidh tionchar aige sin uilig ar líon na ndaoine a bheidh sásta fostaíocht a ghlacadh le heagraíochtaí Gaeilge - Foras na Gaeilge agus na sé cheanneagraíocht sin. Tá sé deacair go leor faoi láthair daoine a mhealladh le bheith ag obair le heagraíochtaí Gaeilge gan na castachtaí breise seo a bhaineann leis an Bhreatimeacht. Mar sin de, cé nach gcuirfidh ceann ar bith de na nithe thuasluaite isteach go díreach ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileán, bainfidh siad d’éifeachtacht na n-iarrachtaí sin. Déanfaidh siad an obair níos casta, níos deacra, níos neamhtharraingtí agus níos fadálaí.

Ba mhaith liom labhairt anois ar na coláistí samhraidh agus cuairteoirí chun na Gaeltachta i nDún na nGall. Tugann suas le 9,000 dalta scoile cuairt ar cheantair Ghaeltachta i nDún na nGall achan bliain, agus an chuid is mó acu sin as na Sé Chontae sa Tuaisceart. Ní fios cén tionchar a imreoidh an Breatimeacht air sin. Má bhíonn na cuairteanna sin níos costasaí, níos deacra a dhéanamh, beidh laghdú ar líon na ndaoine a rachaidh, agus laghdú dá réir sin ar líon na ndaoine a bheidh ag dul don Ghaeilge sa phobal ó Thuaidh. Beidh impleachtaí airgeadais ann fosta do phobal na Gaeltachta i nDún na nGall. Cuireann na coláistí samhraidh go mór le turasóireacht sna ceantair Ghaeltachta sin. I láthair na huaire bíonn moill an-fhada ar fad idir Tír Eoghain agus Dún na nGall gach deireadh seachtaine sa tsamhradh le cuairteoirí ag taisteal go Dún na nGall – agus sin méid an tráchta gan bac ar bith ag an Teorainn. Is féidir samhlú caidé mar a bheas nuair a bheas bac ag an Teorainn.

I dtaca le soláthar an oideachais de, bíonn daoine sna contaetha cois Teorann ag brath go mór ar sholáthar oideachais lán-Ghaeilge ag na ceithre leibhéal sa dá dhlínse - an leibhéal réamhscoláiochta, an leibhéal bunscolaíochta, an leibhéal iar-bhunscolaíochta agus ag an tríú leibhéal. An mbeidh cead ag páistí ó dheisceart Ard Mhacha agus ó Lios na Scéithe taisteal chuig Gaelscoil Oiriall i Muineachán, nó ó Ghaelscoil Uí Dhochartaigh ar an tSrath Bán go Coláiste Áiligh i Leitir Ceanainn, agus ó na trí Ghaelscoil i gCathair Doire go Gaelcholáiste Chineál Eoghain in Inis Eoghain, mar a tharlaíonn faoi láthair? Ní fios.

Mura féidir leis an taisteal thar Teorainn seo leanúint, beidh impleachtaí móra aige sin do chumas tuismitheoirí teacht ar Ghaeloideachas dá gcuid páistí, agus impleachtaí d’earnáil na Gaelscolaíochta Thuaidh agus Theas. Tá na tuismitheoirí ag brath ar na scoileanna thar Teorainn agus tá na scoileanna thar Teorainn ag brath ar na daltaí dá n-inmharthanacht.

Do phobal Dhún na nGall agus do Ghaeltacht Dhún na nGall atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge ag an triú leibhéal, tá Ollscoil Uladh, Ollscoil na Ríona agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste ar na roghanna is minice a dhéantar. Cuireann sé go mór leis an soláthar sna hinstitiúidí sin seo scoláirí as an Ghaeltacht a bheith i dtimpeallacht na hollscoile. Déanann cuid de na scoláirí seo cónaí sa Tuaisceart, téann siad ag obair in earnáil na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta ó Thuaidh, agus cuireann siad go mór le timpeallacht na Gaeilge ó Thuaidh. Má stadtar de seo, thar am beidh tionchar mór aige sin ar líon na ndaoine a mbeidh cumas sa Ghaeilge acu, agus a bheidh ar fáil le bheith páirteach i ngluaiseacht na Gaeilge ó Thuaidh.

Gan Acht Gaeilge ó Thuaidh, is í an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh an phríomhchosaint agus príomhspreagadh don Stát agus do na húdaráis ó Thuaidh le seirbhísí agus soláthar a chur ar fáil don Ghaeilge. Ní cairt de chuid an AE í an chairt Eorpach, baineann sí le Comhairle na hEorpa atá neamhspleách ar an AE. Ach cé nach leis an AE an chairt, tá cuid mhaith de na caighdeáin inti bunaithe ar dhea-chleachtas i mionteangacha i dtíortha san AE. Tá an-bhuaireamh ann ó Thuaidh nach mbeidh i gceist leis an Bhreatimeacht ach tús – tús le gluaiseacht imeachta ó struchtúir eile Eorpacha, tús le diúltú do na caighdeáin idirnáisiúnta, agus forbairt dearcadh cúng neamhspleáchais. Sa timpeallacht sin agus in éagmais reachtaíocht Gaeilge ó Thuaidh, ní bheidh cosaint ann don Ghaeilge nó do chainteoirí Gaeilge ó Thuaidh.

Ní fios go fóill an tionchar a bheidh ag an Bhreatimeacht ar na comhlachtaí forfheidhmithe trasteorann, agus cé acu a d’fhéadfadh Rialtas na Breataine a n-éifeacht a laghdú nó an maoiniú atá ar fáil dóibh a laghdú. Táimid cinnte de rud amháin, tá barainneachtaí scála i gceist maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn trasteorann agus is céim siar shuntasach a bheadh ann dá gcaillfí seo.

Ó bunaíodh Foras na Gaeilge 16 bliain ó shin, tá an cur chuige uile-Éireann i ndiaidh cur go mór le gluaiseacht na Gaeilge ar dhá thaobh na teorann. Tá an-mhórán foghlama déanta ag díograiseoirí óna chéile ar fud na tíre.

Tá deis curtha ar fáil do phobal an Tuaiscirt leas a bhaint as forbairtí ó Dheas, macasamhail forbairtí foclóra, forbairtí téarmaíochta agus forbairtí téacsleabhar, gan trácht ar mhodhanna oibre, oiliúint agus taighde. Cé nach mbeidh bagairt láithreach ann do na rudaí sin, de réir a chéile, dá fhaide ó chéile a bhogann an dá stát ó chéile, dá dheacra a bheidh sé a bheith ag gluaiseacht anonn agus anall thar an Teorainn, agus is é is deacra a bheidh sé buntáistí an chur chuige uile-Éireann sin a thabhairt in éifeacht.

Tá pobal na Gaeilge sa dá dhlínse ag brath ar chleachtóirí i réimse na n-ealaíon, an oideachais, spóirt, na meán, an cheoil, agus na teilifíse ar fud an oileáin le riar ar a riachtanais. Tá líon na gcleachtóirí ar féidir leo gníomhú trí mheán na Gaeilge ar fud an oileáin an-bheag ar fad. Dá réir sin, bíonn pobal na Gaeilge sa dá chuid den oileán ag brath go minic ar chleachtóirí ón dá dhlínse eile, ag brath ar iad a bheith ar fáil, ar iad a bheith ábalta, sásta agus spreagtha le freastal ar phobal na Gaeilge sa dlínse eile le hoiliúint a chur ar fáil, le freastal ar ócáidí agus dá réir sin. Ar ndóigh, is iad pobal na Gaeilge ó Thuaidh ba mhó a bheadh thíos leis seo, ach tá cleachtóirí anois lonnaithe ó Thuaidh fosta i réimsí na hiriseoireachta, an cheoil agus na n-ealaíon a bhfuil pobal na Gaeilge ó Dheas ag brath orthu. Oibreoidh an deacracht sin an dá dhóigh.

Tá cúpla focal agam anois ar an stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Beidh deiseanna fostaíochta do lucht aistriúcháin Gaeilge, agus eile, atá ar fáil san AE ag méadú sna blianta beaga atá romhainn de réir mar a chuirfear deireadh le maolú ar an stádas oifigiúil don Ghaeilge sa AE. Is deiseanna iad sin a d'fhéadfadh a bheith ceilte ar lucht na Gaeilge ó Thuaidh agus, dá réir sin, beidh an buntáiste breise a bhaineann leis an Ghaeilge ceilte ar phobal na Gaeilge ó Thuaidh. Tá deiseanna fostaíochta ar cheann de na hargóintí is láidre do chur chun cinn na Gaeilge, le cur le stádas na Gaeilge agus le dearcthaí ina leith a fheabhsú. Cuireann deiseanna fostaíochta idirnáisiúnta a bhaineann leis an Ghaeilge an teanga ar chomhcéim le teangacha Eorpacha eile. Mura mbaineann an argóint sin leis an phobal ó Thuaidh, déanfaidh sé lagú ar stádas na Gaeilge sna scoileanna agus ollscoileanna ó Thuaidh.

Tá contúirt ann go mbeidh culú eacnamaíochta eile ann ó Dheas de bharr an Bhreatimeachta. Is léir ón chúlú eacnamaíochta is déanaí - an ceann atá thart, más fíor - má bhíonn ciorruithe Rialtais le déanamh ó Dheas gurb í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an Roinn is túisce agus is troime a bhuailfear. Is léir gurb í an Ghaeilge sa Roinn sin is túisce agus is troime a bhuailfear agus gurb é Foras na Gaeilge an eagraíocht Gaeilge is troime agus is túisce a bhuailfear sa chomhthéacs sin. Tá dochar mór déanta do ghluaiseacht na Gaeilge ó thosaigh ciorruithe in 2008. Tá €7 milliún bainte dár mbuiséad agus tá ár mbuiséad le haghaidh deontas laghdaithe níos mó ná 40%. Dá mbeadh sin le tarlú arís sna blianta atá amach romhainn bheadh sé tubáisteach don Ghaeilge ar fud an oileáin. I gcomhthéacs cúlaithe eile, an mbeadh an €7 milliún atá geallta don pholasaí oideachais Gaeltachta ar fáil? An mbeadh na hacmhainní breise atá á ngeallúint do na limistéirí pleanála teanga sa Ghaeltacht ar fáil? Cá bhfios?

Níl a fhios againn cé acu a bheidh tionchar ag an Bhreatimeacht ar chúrsaí craolacháin – teilifís agus raidió. Taobh amuigh den chorrchlár ar an BBC, tá pobal na Gaeilge ó Thuaidh ag brath go hiomlán ar RTE agus ar TG4 dá soláthar Gaeilge. Tá socruithe déanta de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta - Comhaontú Bhéal Feirste - le go mbeidh teacht ag pobal Thuaisceart Éireann ar RTE agus ar TG4. De bharr an Bhreatimeachta, ní fios an mairfidh na socruithe sin.

B’fhéidir go mbaineann an chontúirt is mó don Ghaeilge leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á fhorbairt ó Thuaidh agus ó Dheas agus gurb iad an líon mór de rudaí beaga a fhágfaidh an timpeallacht sin neamhfháilteach agus b'fhéidir naimhdeach ó Thuaidh ach go háirithe. Bheadh pobal Ghaeltacht Dhún na nGall gearrtha amach ó phobal na hÉireann Thuaidh agus Theas agus de bharr cúrsaí taistil, an ráta malairte agus bacanna a bhaineann le cúrsaí oideachais. Bheadh pobal Gaeilge an Tuaiscirt gearrtha amach ón chuid eile de phobal Gaeilge na hÉireann, arís de bharr cúrsaí taistil, an ráta malairte, bacanna a bhaineann le cúrsaí oideachais agus fostaíochta trí Ghaeilge. Bheadh níos lú cosaintí don Ghaeilge ó Thuaidh agus níos lú tacaíochta di ón mhórphobal de bharr. De réir a chéile, ní bheidh sochaí an Tuaisicirt agus rialtas na Breataine á meas féin de réir caighdeáin Eorpacha. Ní bheidh an tionchar céanna agus an chailliúnt clú chéanna i gceist le comparáidí staitisticiúla idir rialtas na Breataine agus rialtais eile Eorpacha i réimse an oideachais, i réimse na dteangacha, i réimse na gcearta don saoránach agus dá réir sin. Thar am, beidh ceangail níos lú ag an phobal ó Thuaidh le pobal an Deiscirt i gcoitinne agus, dá réir sin, beidh níos lú tacaíochta ón ghnáthphobal ó Thuaidh don Ghaeilge mar rud atá ábhartha dá saol.

Níl mórán le rá againn i dtaca le réitigh de, ar an drochuair. Baineann mórán de na rioscaí don Ghaeilge le réimse an taistil shaoir gan bhac thar an Teorainn. Tá reachtaíocht leis an Ghaeilge a chosaint agus le cur lena stádas ó Thuaidh ar cheann de na bealaí is éifeachtaí leis an Ghaeilge a chosaint ó na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann ón Bhreatimeacht. Lena chois sin, cosnófar an Ghaeilge ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann ón Bhreatimeacht má dhéantar na struchtúir a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus má dhéantar a chinntiú go mbíonn tús áite ag na socruithe sin os cionn comhaontú ar bith eile a bheidh ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus an AE.

Arís, is mian liom buíochas a thabhairt thar cheann Fhoras na Gaeilge as an deis seo teacht i láthair an choiste agus cuirfimid fáilte roimh cheisteanna an choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.