Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

Education (Amendment) Bill 2015 and Education (Parent and Student Charter) Bill 2016: Discussion (Resumed)

4:00 pm

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Táim buíoch as na ceisteanna agus na pointí a d'ardaigh baill an choiste. Ba mhaith liom ar dtús freagra a thabhairt ar cheist maidir le mhic léinn na scoile a bheith ar an mbord bainistíochta. Ní bheadh aon deacracht ag an bhForas Pátrúnachta le sin ó aon phlé a bhí againne lenár mbaill. An pointe a bhí ann ná go mbeadh treoirlínte leagtha síos a mbeadh soiléir faoin méid ina mbeadh mic léinn páirteach. Tá ciall leis. Baineann sé le guth an phobail iomlán a chloisteáil.

Maidir le na pointí an rinne an Teachta Jim Ó Dálaigh ansin faoi na heagrais bhainistíochta, níl mé ag dul ag labhairt ar son na heagrais bhainistíochta eile, ach ba mhaith liom an pointe a dhéanamh ar son an Fhorais Phátrúnachta go gcuireann muide tacaíocht ar fáil dár mboird bhainistíochta agus táimid ag iarraidh go mbeadh na boird bhainistíochta ag feidhmiú agus ag cloí le na rialacha atá leagtha síos dóibh. Tá an pointe déanta go minic ag na heagrais bhainistíochta maidir leis an maoiniú atá curtha ar fáil do lucht na mboird oiliúna nach bhfuil curtha ar fáil do na scoileanna deonacha. Tá figiúirí curtha amach go bhfuil na scoileanna deonacha ag feidhmiú le 30% níos lú maoiniú ná mar atá scoileanna faoi na boird oiliúna. Mar sin, caithfear comparáid a dhéanamh ar na leibhéil éagsúla atá ann. Ní aontaím leis an bpointe a rinne an Teachta go bhfuil na boird oiliúina chun cinn ar na heagrais bhainistíochta eile atá ag obair agus ag iarraidh cabhrú lena gcuid scoileanna.

Maidir leis an gcomhairleoireacht a rinneamar, labhraíomar le baill dár mboird bhainistíochta agus le cathaoirligh agus stiúrthóirí an Fhorais Phátrúnachta a dhéanann ionadaíocht ar ár mbaill ar fad.

Maidir leis na pointí a rinne na baill, aontaím le cuid mhaith acu. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Gallachóir, tá go leor pointí comónta eadrainn ar fad ar gach aon taobh den bhord seo. Ceann de na pointí a dhéantar go min minic ná nach bhfuil acmhainní ag scoileanna, is cuma cén réigiún ina bhfuil siad nó má tá siad faoi na boird oiliúina nó faoi na heagrais dheonacha. Ní an tacaíocht acu agus níl an maoiniú nó na hacmhainní curtha ar fáil dóibh maidir le lár-bhainistíocht nó eile faoi láthair. Teastaíonn é sin a réiteach sula gcuirtear leibhéal eile freagrachta ar scoileanna.

Nuair a mholann muide go mba chóir go mbeadh próiseas gearán aontaithe ar bhonn reachtúil ann, braitheann muid go gcabhródh sé go mór le réiteach na fadhbanna seo. Nuair a deirtear nach n-aontaíonn muide go mba cheart go mbeadh ombudsman do oideachas ann, an pointe atáimid ag déanamh ná cén fáth an gcuirfeadh muid ombudsman do oideachas ann nuair atá Ombudsman do Leanaí ann, An Comhairle Mhúinteoireachta ann agus nuair atá freagracht ag na scoileanna do Thusla, don chigireacht agus don mhéid eile seo agus, ag an am céanna, nuair atá na boird bhainistíochta ag feidhmiú go deonach. Trí fhóram comhpháirtnéireachta, má táimid in ann teacht ar aontú nó cur chuige a fhreagraíonn na mianta atá ag an mBille seo mar atá sé ar an talamh do bhoird bhainistíochta, cinnte bheadh dul chun cinn ann. An moladh atá againne ná gur féidir leathnú a dhéanamh ar obair an Ombudsman do Leanaí in éineacht le tacaíocht eile a thabhairt do bhoird bhainistíochta. Is é sin a bhraitheann muide. Réiteodh sé sin an-chuid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.