Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

Education (Amendment) Bill 2015 and Education (Parent and Student Charter) Bill 2016: Discussion (Resumed)

4:00 pm

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Táim buíoch as an gcuireadh teacht chun labhairt anseo inniu. Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le na hoifigigh ar fad a rinne iarracht an t-aistriúchán comhuaineach a chur ar fáil inniu. Táimid sa bhForas Pátrúnachta an-bhuíoch as sin.

Ar son an Fhorais Phátrúnachta, ba mhaith liom ár mbuíochas a chur in iúl as an gcuireadh teacht anseo chun cur i láthair a dhéanamh mar gheall ar an mBille Oideachais (Leasú) 2015 agus an scéim ghinearálta den Bhille Oideachais (Cairt Tuismitheoirí agus Mac Léinn) 2016. Cuireann An Foras Pátrúnachta fáilte roimh an phlé seo atá dírithe ar chabhair a thabhairt dár scoileanna agus dá bpobail. Aithnímid an aidhm atá leis an mBille agus an méid a bhfuil sé ag iarraidh a bhaint amach. Tá An Foras Pátrúnachta den tuairim áfach, ag an am seo, go bhfuil cur chuige níos éifeachtúla ann ná eagraíocht eile a bhunú a mbeadh freagracht ag scoileanna dó.

Braitear go bhfuil an Bille dírithe ar achainí a dhéanamh tar éis do mhúinteoir, príomhoide nó bord bainistíochta cinneadh a dhéanamh. Feictear dúinn go bhfuil córais agus struchtúir ann cheana a d’fhéadfaí a úsáid nó a fhorbairt sula rachadh muid síos an bóthar oifig d’ombudsman eile a bhunú. Faoi láthair tá Ombudsman do Leanaí, "Feidhmiúlacht chun Múineadh" faoi stiúir na Comhairle Múinteoireachta, an chigireacht agus eile ag scoileanna le bheith freagrach dóibh. Braithimid gur féidir leo seo mianta an Bhille a bhaint amach gan oifig eile a chruthú do scoileanna le bheith freagrach dó.

Tá caidreamh fíor-mhaith ag scoileanna na tíre seo lena bpobail. É sin ráite, níl sé ach nádúrtha go dtarlódh mí-shástacht, easaontas nó eile idir baill de phobail na scoileanna ó am go chéile. Tríd is tríd, réitítear na ceisteanna seo go sásúil agus bíonn an scoil ábalta feidhmiú go háitiúil. Ó am go ham, éiríonn ceisteanna nach féidir le scoileanna a réiteach agus teastaíonn treoirlínte agus beartais uathu chun iad a réiteach. Faoi láthair tá scoileanna ag úsáid an cleachtas a aontaíodh in 1993, nósanna imeachta mar gheall ar ghearáin ó thuismitheoirí in aghaidh múinteoirí nó baill ó fhoireann na scoile.

Tá gá athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna seo, cleachtas uasdátaithe a aontú idir na páirtithe leasmhara ar fad agus ansin iad a chur ar bhonn reachtúil. Chinnteodh sé seo go mbeadh cur chuige aontaithe atá trédhearcach, rannpháirteach agus aontaithe ag na páirtithe ar fad ar fáil do thuismitheoirí.

Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta roimh chairt tuismitheoirí agus mac léinn. Ceapaimid go gcabhródh a leithéid le pobal uile na scoile. Díríonn an scéim ar an gcaoi a chaitheann scoileanna le tuismitheoirí agus le daltaí. Cé go n-aontaíonn muid leis seo, ba mhaith linn arís a mheabhrú go bhfuil cearta, dualgais agus freagrachtaí ag baill uile de phobal na scoile, foireann agus bord bainistíochta ina measc. Feidhmíonn scoileanna ar bhonn comhpháirtíochta. Titeann freagrachtaí agus dualgais chomh maith le cearta ar chomhpháirtithe. Is ceart go bhfuil aitheantas á thabhairt do thuismitheoirí agus do mhic léinn ach is gá freisin aitheantas a thabhairt do chearta, do fhreagrachtaí agus do dhualgais na scoileanna. Leis an méid tionscadal, scéime agus togra atá á bhfeidhmiú ag scoileanna, is gá a thabhairt san áireamh cibé cruth a bheidh ar an gcairt go bhfeidhmeoidh sé ar leas na mball uile i bpobal na scoile agus ní chun ualach breise a chur ar an mbainistíocht.

Tá scoileanna na tíre ag feidhmiú ar bheagán acmhainní daonna agus airgid. Tá ciorruithe curtha i bhfeidhm le deich mbliana anuas a chiallaíonn gurb é ceann de na ceisteanna is mó a bhíonn á bplé ag scoileanna ná conas maireachtáil ó mhí go mí agus an t-oideachas is fearr a sholáthar dá bpáistí. Tharla na ciorruithe seo in am ar cuireadh ar bonn an líon athruithe ba mhó agus ba shuntasaí in earnáil an oideachais le blianta fada anuas. Déanadh é seo ar fad trí struchtúr atá á bhainistiú go deonach ar son an Stáit agus gan lár-bhainistíocht chun tacú leis an bpríomhoide. Caithfidh aon leasú a thugtar isteach na cúinsí seo a thabhairt san áireamh.

Is minic a bhreathnaítear ar scoileanna mar an áit chun fadhbanna an tsochaí a réiteach. Ciallaíonn sé seo go bhfuil scoileanna de shíor ag tabhairt faoi thionscnaimh nua, faoi chuir chuige múinteoireachta nó bainistíochta nua, ag cloí le treoirlínte nua i bhfoirm ciorcláin nó ag freastal ar éilimh nua. Ag an am céanna, bíonn scoileanna de shíor ag feidhmiú ar son a bpáistí agus ag iarraidh an t-oideachas is fearr gur féidir leo a chur ar fáil. Tá an t-éileamh ó thuismitheoirí méadaithe le blianta anuas. Is minic scoileanna faoi bhrú ag déileáil le fadhbanna sóisialta na sochaí. Bíonn plé rialta acu le Tusla, leis an nGarda Síochána agus leis an bhFeidhmeannas Sláinte. Is minic gurb iad an scoil atá fágtha ag streachailt leis

na fadhbanna seo. Is minic bord bainistíochta deonach le príomhoide faoi bhrú oibre gan tacaíocht lár-bhainistíochta ag suí síos i scoileanna na tíre gach oíche den tseachtain chun leas ár bpáistí a chur chun cinn.

Dá bhrí sin, molann An Foras Pátrúnachta go dtiocfadh na rannpháirtithe uile le chéile chun plé a dhéanamh ar an gcairt agus chun cinntiú go bhfeidhmíonn sé ar leas uile na scoile ar bhonn comhpháirtíochta. Bíodh cumarsáid, trédhearcacht agus comhpháirtíocht mar chur chuige. Bíodh córais agus nósanna aontaithe chun easaontas nó gearáin a sheachaint agus chun iad a réiteach nuair a tharlaíonn siad ina lár. Cuireadh muid béim ar acmhainní a mhéadú sa chóras chun an freastal is fearr a dhéanamh ar ár bpobal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.