Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 16 May 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Gabh mo leithscéal. Chuir mé isteach ar an Aire Stáit. Ní saineolaí mé, ach tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge léite agam i mBéarla agus i nGaeilge. D'eascair sé as an mBunreacht i ndáiríre agus ó ráitis maidir leis an nGaeilge in 2006. Bhí 13 sprioc i gceist. Ag an am sin, bhí géarchéim ann. Tá géarchéim i bhfad níos measa ann anois, in ainneoin an dul chun cinn. An nglacann an Roinn leis go bhfuil géarchéim i gceist maidir leis an nGaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht? Tá an t-eolas uilig faighte againn ó na saineolaithe. An nglacann an Roinn leis go bhfuil géarchéim i gceist? Nílimid anseo chun cluiche a imirt nó aon rud mar sin. Bhí cruinnithe againn ó mí Mheáin Fómhair. Bhí chuile cur i láthair ó cheann cheann na tíre ag cur in iúl go bhfuil géarchéim i gceist. Tá obair na gcapall á dhéanamh ag na comharchumainn agus na cosmhuintir ar an talamh, ach an rud atá ag teacht trasna an t-am go léir na an easpa ceannaireachta ón Rialtas. Sa chomhthéacs sin, tá an t-uafás cuirí tugtha ag an gcoiste do Airí éagsúla agus don Taoiseach teacht os ár gcomhair leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a phlé chun obair as lámha a chéile agus gan a bheith ag gearrán. Níl sé tarlaithe. Is é an tAire Stáit an chéad Aire a tháinig os ár gcomhair. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil sé os ár gcomhair agus sásta fanacht linn chun na ceisteanna a fhreagairt. An gcreideann an Roinn go bhfuil géarchéim i gceist maidir leis an Gaeilge, in ainneoin an polasaí oideachais don Ghaeltacht and so on?
No comments