Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta Ó Muineacháin ag iarraidh teacht ar ais isteach. Ba mhaith liom cúpla ceist a chur ar dtús mé féin.

Fáiltím go bhfuil sé deimhnithe ag an Aire Stáit go mbeidh cruinniú le muintir Árann agus na Teachtaí Dála agus Seanadóirí áitiúla. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Is céim chun cinn í. Níor tharla sé sin roimhe seo. Is é sin an gearrán a tháinig suas go min minic go raibh cruinnithe ann ach nach rabhamar go léir sa seomra céanna. Is dul chun cinn é sin.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cad go díreach atá ar siúl ag Seán Ó Leidhinn maidir le plean gníomhaíochta? Nílim ag iarraidh an duine pearsanta a lua, ach luaigh an tAire Stáit é. An athbhreithniú atá i gceist ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Cad atá ar siúl go díreach leis an bplean gníomhaíochta seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.