Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach go bhfuil na seirbhísí curtha ar fáil, ach níl ról agamsa i bhfostaíocht RTE. Tá sé sa straitéis go gcaithfidh RTE seirbhísí a chur ar fáil. Luaigh mé cuid acu san óráid ag tús an chruinnithe seo. Pléifear leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil é go dtí go bhfeicfimid an bhfuil aon smaointe acu faoi.

Maidir le tairiscint farantóireachta do na hoileáin, beidh mé ag dul i gcomhairle leis na comharchumainn go gearr. Níl dáta socraithe agam, ach i mí an Mheithimh beimid ag dul amach ag casadh leis na comharchumainn ar na trí oileán chun na rudaí seo a phlé. Tá a fhios go bhfuil smaointe difriúla ann maidir leis na trí oileán a chur le chéile nó Inis Oírr agus Inis Meáin a choinneáil le chéile agus tairiscint eile a fháil do Inis Mór. Caithfimid na rudaí seo a phlé maidir le céard go díreach é public service obligation, PSO, agus cén difríocht a dhéanann PSO i gcomparáid le conradh taobh amuigh de PSO. Táimid chun an cruinniú sin a shocrú chomh luath agus gur féidir. Beidh mé sásta cuireadh a thabhairt do na baill áitiúla den Dáilcheantar dul in éineacht liom.

Maidir le céibh Inis Oírr, d'iarr mé ar oifigí mo Roinne dul i gcomhairle le Comhairle Contae na Gaillimhe. Bhí cruinniú acu an tseachtain seo caite. Bhí Sorcha de Brúch agus Aodhán Mac Cormaic i láthair le Michael Timmins, stiúrthóir seirbhíse na mbóithre agus mara, agus Ciaran Wynne, innealtóir, freisin. Tá sé i gceist anois go ndéanfar an togra seo a bhrú ar aghaidh. Tá roinnt oibre le déanamh anois i dtaobh suirbhéanna agus costas an togra a mheas. Tá mé ag súil go mbeidh dul chun cinn déanta go luath. Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag fanacht ar mheastúcháin costais ó chomhlacht RPS. Beidh muidne ansin ag íoc as an gcostas sin. Níl an t-eolas sin faighte agam fós. Níl sé faighte ag an gcomhairle contae fiú amháin, ach labhair mé le Ciaran Wynne an tseachtain seo caite. Táimid ag fanacht ar RPS. Beimid in ann brú ar aghaidh ansin. Táimid ag súil go mbeimid réidh le dul amach agus tairiscintí a fháil roimh dheireadh na bliana seo. Is é sin an aidhm atá agam. Táimid ag brú ar aghaidh leis.

D'iarr an Seanadóir orm an bhfuil mé i bhfábhar scéimeanna na mbóithre áise i bprionsabal. Táim i bhfábhar breis airgid a fháil agus é a chaitheamh chun seirbhísí a chur ar fáil agus a fheabhsú sa Ghaeltacht agus chun infreastruchtúr a fheabhsú sa Ghaeltacht. Tá a lán rudaí ar a mbeidh muid in ann breis airgid a chaitheamh, cosúil le bóithre, céibheanna, ionaid agus rudaí eile. I bprionsabal, táim ina bhfábhar ach, mar a dúirt mé níos luaithe, níl breis airgid ar fáil d'aon rud seachas na rudaí atá luaite sna meastúcháin. Má tá aon bhreis airgid ar fáil i rith na bliana, beidh muid sásta roinnt a fháil do rannóg na Gaeltachta agus-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.