Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Bhí laghdú ann agus pléitear é. Bhí mé ar an gcomhairle contae ag an am. Bhí laghdú ann sa bhuiséad caipitil nuair a bhí an Teachta ann freisin. Sílim nach raibh an Teachta Ó Cuív in ann an t-airgead sin a fháil ón Roinn Airgeadais mar gheall ar na dálaí eacnamaíocha a bhí ann ag an am.

Labhair an Teachta Ó Cuív faoin Stát agus líon na ndaoine atá earcaithe sa tseirbhís phoiblí. Tá an Teachta ceart go bhfuil easpa daoine ann chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus sin an fáth go bhfuilimid ag dul tríd an próiseas maidir leis na pleananna teanga. Tá ceist curtha agamsa go minic nár bhfuair mé freagra riamh air ó aon dhuine. Bhí an Celtic Tiger ann, bhí an t-airgead ar fáil agus bhí ardú suntasach i líon na ndaoine ag obair sa tseirbhís phoiblí. Mar sin, cén fáth nach bhfuil na cainteoirí Gaeilge againn anois? Bhí ardú ann agus bhían t- airgead ann ach níl na cainteoirí ann. Níl a fhios agam cén fáth ach ní raibh dóthain daoine ar fáil. B'fhéidir go mbaineann sé leis an bpolasaí a bhí ann nó b'fhéidir nach raibh na daoine ar fáil. Níl a fhios agam. An rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh, áfach, lastigh den Acht teanga nua, ná plean ceart a chur i bhfeidhm. Tá a fhios agam go bhfuil an coiste ag cabhrú linn sa phróiseas sin. Tá cabhair ann ón gCoimisinéir Teanga agus ó na daoine ó Chonradh na Gaeilge freisin. Níl dáta nua socraithe againn ach táimid ag súil go mbeidh dáta nua againn an tseachtain seo chugainn. Níl sé sin socraithe, áfach, ó thaobh an choiste idir-rannach maidir le cinn an Bhille sin a phlé.

Beidh an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile ag tacú leis an bpobal Gaeltachta a phleananna teanga a chur i bhfeidhm. Arís, níor tháinig aon phlean fós os mo chomhair.

Tá tús curtha leis an bpróiseas le haghaidh oifigigh Gaeilge a earcú. Ina dhiaidh sin, beidh airgead ar fáil chun na pleananna a chur i bhfeidhm. Níl aon phlean ceadaithe agam go fóill. Tá Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar na pleananna faoi láthair. Níl tús curtha leis an obair sin. Tá airgead ar fáil i mbliana. Is é an ról atá agam agus ag an Aire sinsearach ná an t-airgead sin a fháil ón Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.