Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is cur i gcéill, i gcead don Aire Stáit, an cáipéis seo. Mar shampla, deir sé go bhfuil scéim na gcúntóirí teanga á riaradh. Bhí sé sin ann. Luadh tacaíocht trí COGG do théacsleabhair. Bhí céard atá ag tarlú ann. Luadh go bhfuil ionad tacaíochta teaghlaigh eile i gCorca Dhuibhne ach bhí ceann le bheith i ngach uile Ghaeltacht. Deir sé go bhfuil Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag feidhmiú i gcónaí. Tá scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ann ach ta sé cúngaithe go mór le cúpla bliain anuas. Luadh go bhfuil clár cuimsitheach oiliúna Gaeilge á chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí. Ba bhreá liom é a fheiceáil mar níl na daoine ar fáil. Deir sé go reachtálfar féile Oireachtas na Samhna gach bliain. Céard a bhí muid ag súil leis? Go gcuirfí deireadh leis? Sin mar atá sé ag dul tríd arís agus arís eile. An rud atá i gceist agam ná go bhfuil olldhifríocht idir an rud atá anseo agus feidhmiú na straitéise. Is beag bainte atá ag an rud atá anseo agus an mórstraitéis náisiúnta. Mar sin, is é mo bharúil go dtógadh cinneadh ag an tús neamhaird iomlán a thabhairt ar an straitéis. Tá sé in am é sin a admháil agus tosú as an nua arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.