Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Má bhreathnaíonn muid ar an liosta seo, bhí an chuid is mó de na rudaí atá liostaithe ar bun cheana. I gcuid mhaith cásanna, bhí níos mó ar bun sa mbliain 2010 faoi na ceannteidil éagsúla ná mar atá ar bun i láthair na huaire. Le cuid mhaith acu, is céim siar atá tógtha le cúig bliana nó sé bliana anuas agus ní céim chun tosaigh. Tá bua beag anseo is ansiúd ach tharlódh sé sin ar aon chaoi. Bhí sé sin tarlaithe leis na blianta a bhí roimhe sula dtáinig an straitéis seo. Sílim féin go bhfuil sé in am againn an fhírinne a admháil agus a rá go dtósóidh muid ceart as an nua arís.

Maidir leis an bpleanáil teanga seo, cuimhnigh gur straitéis náisiúnta don tír uilig, Thuaidh is Theas, a bhí anseo agus ní straitéis don Ghaeltacht bhí ann cé go raibh an Ghaeltacht lárnach ann. Bhí na moltaí den staidéar teangeolaíochta le cur i bhfeidhm ach taobh istigh den Ghaeltacht tá cúpla punt tugtha do choistí le duine éigin a earcú le plean pobail a réiteach. Ar ndóigh an rud a bhí i gceist ná go mbeadh plean Rialtais agus plean pobail i gceist do chuile phobail mar tá an oiread sin tionchar ag an Rialtas ar na háiseanna agus na sierbhísí a chuirtear ar fáil don phobal. Cén mhaith do phobal, mar shampla, i gCois Fharraige nó aon áit eile a leagan síos go mba cheart go mbeadh seirbhísí an Stáit ar fáil trí Ghaeilge sna pobail gan chomhpháirtíocht an Rialtais a bheith leo. Féadfaí a bheith ag scríobh pleananna go deo.

An dara rud ná nár tugadh aon airgead d'aon phobal le aon cheann de na pleananna seo a chur i gcrích ar aon mhórscála. An rud a bhí i gceist sa straitéis go mbeadh mórscála ann. Ní ghlacaim le ceist an airgid mar an rud a bhí i gceist ná, as an €50 billiún atá a chaitheamh bliain i ndiaidh bliana, go gcuirfí an t-airgead ar fáil leis seo a chur i bhfeidhm, ainneoin na géarchéime, mar thuigeadh go raibh práinn ag baint leis seo. Trí mórscála, ní airgead mór a bheadh i gceist. I gcuid mhaith Ranna, is é an t-airgead céanna a bheadh i gceist ach go gcaithfí go cóir agus go cothrom é i leith na teanga.

Tabharfaidh mé sample beag amháin. Nuair a tháinig an géarchéim airgid den chéad uair, tógadh airgead as an gceadúnas teilifíse do TG4. Tá go leor ann agus mé ina measc a déarfadh nach gcomhlíonann cuid mhaith den airgead a bhfaigheann RTE aon mhórchuspóir náisiúnta. Ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó de sciar airgid an dream a íocann an ceadúnas ag dul do theilifís trí Ghaeilge agus do raidió trí Ghaeilge. D'fhéadfaí an sciar sin a chothromú go mór gan cur isteach ná amach ar chiste an Stáit. Sampla an-bheag é den míle rud a bhféadfaí a dhéanamh le déanamh cinnte go gcaithfí go cuí agus go cóir leis an nGaeilge agus gan bhreis airgid a tharraingt ar an Stát.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.