Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Leanann sé leis, "Chomh maith leis sin, déanfar cuid mhaith de na bearta a fheidhmiú go hiomlán nó a thosú ag an gcéim seo lena n-áirítear ábhair d'oideachas agus litearthacht teanga a ullmhú." Ta sé soiléir go raibh i gceist go mbeadh sé sin ar fad déanta i bhfad roimh 2016 mar, nuair a théim ar aghaidh, deir céim feidhmithe a 2, "Le linn na céime seo, déanfaidh Éire ceiliúradh ar chothrom 100 bliain d'Éirí Amach na Cásca agus ar ár neamhspléachas agus déanfar nasc idir na hócáidí sin agus an Straitéis seo."

Ba léir, nuair a rinne an Rialtas é seo, go mba cheart go mbeadh muid go maith taobh istigh de chéim feidhmithe a 2 faoin mbliain 2016. Ní hamhail atá. Nuair a bhreathnaíonn muid ar na móraidhmeanna sa straitéis, sa gcuid is mó acu níor leagadh amach riamh aon mhionpleannana le cur i gcrích. Déanaim eisceacht amháin agus tugaim creidiúint don Rialtas as an bpolasaí oideachas Gaeltachta. Taobh amuigh de sin, áfach, níl móraidhmeanna na straitéise curtha i bhfeidhm. Sílim féin go bhfuil sé in am anois é sin a admháil agus a aithint ón mbarr anuas. Fiú ní cuireadh na struchtúir i bhfeidhm. Ní cuireadh an tAire sinsearach, a bhí ceaptha a bheith ar fáil, i Roinn le go dtabharfaí tosaíocht náisiúnta dó seo. Tá trua agam don Aire Stáit sa mhéad seo. Is léir go bhfuil cúram na Gaeilge leagtha air i gcoirnéal beag in intinn an Rialtais agus, don chuid is mó, ní straitéis Rialtais é seo ach iarrachtaí Aire i Roinn amháin le beagánín oibrithe sa Roinn Oideachais agus Scileanna.

Bhí mé ag dul tríd na rudaí a bhí liostaithe anseo inniu. Níl an t-am agam inniu mar tá deifir ar an gCathaoirleach ach tá sé intuigthe ar aon chaoi-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.