Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Daonra, is ea. Maidir leis an daonáireamh, dúirt an Teachta go bhfuil easpa fuinnimhe anois agus d'iarr sé cén chaoi a mbeimid in ann é sin a fháil ar ais. An chéad chaoi ná trí na pleananna teanga agus freisin trí feabhas eacnamaíochta na tíre. Tá daoine ag teacht ar ais go dtí an tír mar gheall ar an ardú deiseanna sa tír. Tá níos mó postanna ar fáil agus tá daoine ag teacht ar ais go dtí an tír. Beidh níos mó deiseanna faoin tuath agus sa Ghaeltacht freisin. Beimid ag cur airgead ar fáil chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Tá na daoine áitiúla ag cur san áireamh sna pleananna sin céard a theastaíonn ó chuile cheantair chun cabhrú leo an daonra a choimeád, postanna a chruthú agus deiseanna a chur ar fáil sna ceantair féin. Níl aon phlean faighte agam fós. Níor tháinig aon phlean os mo chomhair, ach tá a lán obair déanta ag na heagraíochtaí áitiúla, daoine áitiúla, Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile chun na pleananna sin a ullmhú.

Caithfear deiseanna a bheith ag daoine an teanga a úsáid le cur leis an líon daoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. Déanfar é sin tríd an gcóras pleanála teanga, an plean don oideachas Gaeltachta agus dar ndóigh trí feabhas a chur ar líon na seirbhísí phoibí atá ar fáil i nGaeilge. Chuige sin, beidh mé ag foilsiú Bille teanga freisin ó thaobh an Achta nua don Ghaeltacht. Mar a luaigh mé freisin, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur an plean oideachais Gaeltachta i bhfeidhm faoi láthair. Tá airgead curtha ar fáil. Scríobh an Roinn chuig chuile scoil sa Ghaeltacht chun iad a chur ar an eolas go bhfuil spriocdáta ann chun an próiseas a thosnú agus go mbeidh breis acmhainní ar fáil ina dhiaidh sin ó 2018 ar aghaidh chun cabhrú le na scoileanna an teanga a mhúineadh agus an t-athrú a dhéanamh má theastaíonn ón scoil bheith mar scoil lán-Ghaeilge.

Maidir leis an infreastruchtúr agus airgead caipitil, luaigh an Teachta leathanbhanda agus bóithre áise. Tá an leathanbhanda casta agus tá a fhios agam go bhfuil conradh sínithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil le Eir le déanaí. Tá an plean náisiúnta do leathanbhanda ann freisin. Chun an plean sin a chur i bhfeidhm, teastaíonn cabhair stáit. Tá rialacha leagtha síos ón Eoraip ar chabhair stáit agus caithfimid a bheith cúramach. Is é sin an fáth go bhfuil moill ar an gconradh. Tá sé fíor-chasta teacht ar réiteach ar an gconradh sin. Tá deacrachtaí leis ach táimid ag súil go mbeidh sé críochnaithe b'fhéidir roimh dheireadh na bliana. Le sin, beidh an Stát in ann airgead a chur ar fáil do chomhlachtaí príomháideacha le leathanbhanda a leagan amach sna ceantair Gaeltachta. Tá áiteanna luaite sa chonradh atá sínithe faoi láthair leis an Roinn, ceantair ar nós mo cheantair fhéin i gCois Fharraige, agus tá a lán tionscadail ag Údarás na Gaeltachta a chaithfidh ceangal a dhéanamh leis an fibre ard-chaighdeánach. Tá an Teachta ceart gur rud é a theastaíonn ó chuile cheantair Gaeltachta sa tír. Tá plean ag an Rialtas maidir le seo, ach caithfimid a bheith cúramach maidir le cabhair Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.