Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Mar Aire Stáit le freagracht as an Ghaeltacht, failtím roimh an deis seo labhairt arís tar éis an cruinniú a bhí againn coicís ó shin. Bhí óráid réitithe agam an lá deireanach, cé nach raibh deis agam ach leath di a thabhairt. Tuigim go bhfuair an coiste cóip den óráid sin. Mar fhreagra ar phointe a d'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh agus an Teachta Ó Muimhneacháin maidir leis an méid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá bainte amach go dtí seo, ba mhaith liom an dheis seo a thapú anois chun aitheantas a thabhairt don méid atá bainte amach ag na Ranna, na heagraíochtaí Stáit agus an earnáil dheonach faoi na réimse den straitéis 20 bliain cheana féin, i gcuinsí fíor-dúshlánach.

In earnáil an oideachais, tá an polasaí don oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm. Maidir le gníomhaíochtaí Gaeloideachais in earnáil na Gaelscolaíocht, tá straitéis náisiúnta litearthachta agus uimhearthachta á cur i bhfeidhm. Tugann mo Roinn agus an t-údarás tacaíocht d'earnáil na réamhscolaíochta. Tá an córas TEG á reachtáil ag OIlscoil Mhá Nuad le maoiniú na Roinne. Reachtálfaidh mo Roinn an tionscadal ardscileanna Gaeilge go dtí 2021. Tá an dioplóma i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta á sholáthar ag Ollscoil Mhá Nuad. Tá scéim na cúntóirí teanga á riaradh ag mo Roinn. Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta, COGG, ag obair chun téacsleabhar agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeloideachas. Tá teagasc na Gaeilge i thart ar 40 ollscoil idirnáisiúnta maoinithe ag mo Roinn.

I dtaobh reachtaíochta agus stádais, tá Acht na Gaeltachta 2012 á chur i bhfeidhm. Tá áthbhreithniú déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tá ceannteidil an Bhille leasaithe beagnach réidh le foilsiú. Beidh deireadh á chur leis an maolú ar an Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2021.

Sa Ghaeltacht, tá an próiseas pleanála teanga, an comhrá is mó sa Ghaeltacht maidir leis na Gaeilge ó aimsir fheachtas na cearta sibhialta, faoi lánseol. Tá €250,000 curtha ar fail d'Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge i mbliana chun chur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn. Ta scéim pobal Gaeilge na Roinne, agus na scéimeanna atá ag an údarás chun fostaíocht a chruthú do mhuintir na Gaeltachta, á gcur i bhfeidhm.

I réimse an theaghlaigh agus an luath-idirghabhála, tá clár tacaíochta teaghlaigh mo Roinn dírithe-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.